Maighréad Ní Churtáin (Margaret Mac Curtain)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Dr. Maighréad Ní Churtáin

Rugadh Maighréad Ní Churtáin (Béarla: Margaret Mac Curtain) sa bhliain 1929 i gCorcaigh. B'iad Seán agus Ann Mac Curtáin a tuismitheoirí. Bhain sí céim BA amach in Ollscoil na hÉíreann i gCorcaí agus chuaigh sí isteach san Ord Doiminiceanach, agus tá an t-ainm Sr. Benvenuta uirthi go fóill.[1] Tá gníomhréim acadúil dhearscnaitheach ag Maighréad agus d'fhoilsigh sí réimse fairsing ábhar i réimse na staire, tionchar na mban i gcomhthéacs na staire agus ról na mban in Éirinn. Is scoláire, staraí, Doiminiceanach, craoltóir, eagarthóir, iar-léachtóir, Príomhoide Coláiste, Gobharnóir Ollscoile, comhairleoir, agus teangeolaí í. Bhain sí Ph.D amach sa bhliain 1964 agus sa bhliain chéanna thosaigh sí ag obair sa Roinn Staire i gColaiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Idir na blianta 1968-1973 b'é a héacht nó mórghníomh ná foilsiú na sraitheanna leabhar staire faoi chlúdach bog 'History of Ireland' le Gill & McMillan. "Her free spirit and radical mind set is well known. Pé áit a mbíonn sí tá sí spraíúil, lán be bhrí agus ni féidir gan ligint di thú spreagadh chun cinn. Ceann de na focail a cloistear uaithi nuair a chuireann tú ceist ag lorg comhairle..’Go for it’. What a positive approach…mol an óige.. ach ní do’n ghlún óg amháin a thugann sí am agus comhairle." [2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]