Maidhm shneachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maidhm shneachta

Is mais sneachta agus oighear ag titim go sciobtha síos leiceann sléibhe é maidhm shneachta, go minic ag déanamh slad ar gach a bhíonn os a comhair amach. I saghas amháin, tosaíonn sí ag pointe áirithe, agus de réir mar a thagann anuas, leathann amach, ag fágáil rian i bhfoirm V inbhéartaithe, agus titeann an sneachta mar phúdar scaoilte. I saghas eile, titeann sí mar phláta nó leac a bhriseann ina bhlocanna de réir mar a thiteann chun rian leathan dronuilleogach a fhágáil.

Bíonn sí cumasach scriosúil sa dá chás. Tarlaíonn sí nuair is mó an fórsa ar mheall sneachta de bharr domhantarraingthe ná an fórsa a ghreamaíonn an meall le taobh an tsléibhe.

Tagann an aimsir san áireamh, agus tarlaíonn an-chuid maidhmeanna i ndiaidh stoirme inar thit a lán sneachta. Muna ngreamaíonn titim nua sneachta lena bhfuil ann roimpi, is mór an priacal go dtarlóidh maidhm. Bíonn baint mhór ag fána an tsléibhe léi, agus tosaíonn 90% de mhaidhmeanna sneachta ar fhánaí 30-45°, is 98% díobh ar fhánaí 25-50°.

Go minic bailíonn an ghaoth sneachta i gcoirnis ar ghrua an tsléibhe, agus ina dhiaidh sin tosaíonn an mhaidhm ar thaobh na fothana den sliabh. Tagann an bealach ina bpacáiltear an sneachta ar an sliabh i rith an gheimhridh i gceist freisin, maidir le cé chomh greamaithe le chéile a bhíonn na cisil uile, mar shampla, agus an mbíonn cisil de leac sleamhain oighir ina measc. Tagann cruth an tsléibhe i gceist freisin.

Is deacair maidhmeanna a thuar. Chun smacht éigin a choimeád ar an scéal, cuireann na húdaráis tús le maidhmeanna beaga neamhdhíobhálacha le pléascán. Tá tuilleadh taighde le déanamh chun an feiniméan a thuiscint i gceart is na tubaistí a sheachaint.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maidhm sneachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 431.