Múnlú trí instealladh
Appearance
Próiseas a úsáidtear i ndéanamh plaisteach. Téitear an plaisteach amh, i bhfoirm ghráinneach, go mbíonn sé bog a dhóthain chun é a bhrú trí bhuinne isteach i múnla den chruth céanna leis an earra atá le déanamh. Nuair is teirmeaplaisteach atá in úsáid, bíonn an múnla fuar. Nuair is plaisteach teirmithéachtach atá in úsáid, coimeádtar an múnla te chun an t-imoibriú téachta a bhrostú. Bíonn an próiseas déantúsaíochta seo uathoibríoch i gcónaí, beagnach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Múnláil insteallta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 473.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |