Jump to content

Móipéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Honda Hobbit PA 50/móidpéid Camino

Gluaisrothar beag éadrom, a mbíonn troitheáin air ar féidir é a oibriú leo más gá. Bunaíodh í mar chóras taistil don duine aonair sna 1930idí, agus d'éirigh sí an-choitianta i ndiaidh an dara cogadh domhanda mar bhí sí an-choigilteach. Bhíodh inneall simplí dhá bhuille air. Úsáidtear í de ghnáth i gcomhair aistear gearr taobh istigh de chathair nó baile.[1]

Chum an t-iriseoir Sualannach Harald Nielsen an focal moped sa bhliain 1952, meascán de na focail Sualannach le haghaidh mótar agus rothaitheoir.

  1. Hussey, Matt (2011). "Móipéid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 466.