Móibíl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Móibíl arna dhearadh ag Alexander Calter

Maisiúchán crochta soghluaiste is ea an mhóibíl, a dhear Alexander Calder den chéad uair timpeall 1930. Dealbhóireacht theibí sreinge is miotail ab ea í, na codanna éagsúla cothromaithe ar éigin nuair a bhí an struchtúr crochta i gceart, ionas go ngluaisfeadh nó go rothlódh codanna di i ngaoth lag. Rinneadh aithris go mion minic uirthi, agus faoi seo úsáidtear an-chuid ábhar ina ndéanamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Móibíl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 465.