Mód, meán, airmheán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mód meán, airmheán)

Sa staitistic, má bhíonn sraith de n uimhreacha ann, is é a meán uimhriúil ná suim na n-uimhreacha, roinnte ar n. Más iad x1, x2, x3… xn na huimhreacha, is é an meán uimhriúil, m = (1/n)(x1 + x2 + x3… xn) = (1/n) ∑ xi.

Is é airmheán na n-uimhreacha an uimhir sin i measc na n-uimhreacha uile a bhfuil leath de na huimhreacha níos lú ná í is leath níos mó.

Ní hionann de ghnáth an meán is an t-airmheán. Is é mód na n-uimhreacha sa tsraith an uimhir ina measc a tharlaíonn níos minice ná aon uimhir eile.

Mar shampla sa tsraith uimhreacha seo: {1, 1, 1, 1, 2, 2, 2, 2, 3, 3, 3, 4, 4, 4, 4, 4, 5, 6, 6, 6}, n = 20, a suim ∑ xi = 64, agus mar sin a meán uimhriúil = 64/20 = 3.2.

Is é 3 an t-airmheán, agus 4 an mód. Sainmhínítear an meán geoiméadrach de n uimhreacha mar an nú fréamh d'iolrú na n-uimhreacha uile sa tsraith: n√ (x1 × x2 × x3 x… xn).[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Meán, airmheán, mód". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 444.