Míonótár
| Cineál | mythical human-animal hybrid (en) carachtar miotaseolaíochta na Gréige |
|---|---|
| Eapainm | Míonós |
| Comhthéacs | |
| Miotaseolaíocht | Miotaseolaíocht na Gréige |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Cónaithe | Labyrinth of Knossos (en) |
| Dúnmharaithe ag | Téiséas |
| Muintir | |
| Máthair | Pasiphaë |
| Athair | Cretan Bull (en) |
| Eile | |
| Siombail | Minotaur torso, from Rome (en) |
| Comhionann | Asterion (en) |
Créatúr a bhaineann le miotaseolaíocht na Gréige a bhí ina leathfhear agus leaththarbh é an Míonótár. Ba mhac Pasiphae (bean chéile Míonós) é, agus tarbh bán a thug Poiséadón do Míonós le híobairt. In ionad a íobairt, choinnigh Míonós beo é agus mar phionós rinne Poiséadón gur thit Pasiphae i ngrá leis an tarbh. Cuireadh a leanbh ag an tarbh i gcathair ghríobháin a chruthaigh Daedalus do Míonós. Níos déanaí, nuair a maraíodh Androgeos (mac le Míonós) ag na hAithnigh, d’éiligh Míonós go gcuirfí seachtar n-ógánach Aithin agus seachtar bruinneall gach naoú bliain le n-alpadh ag an Míonótár, chun bás a mhic a dhíoghail. Nuair a tháinig an tríú huair den íobairt, chuaigh an laoch Aithneach Téiséas agus, le cabhair ó Ariadne (iníon Míonós agus Pasiphae) mharaigh sé an Míonótár. D'éalaigh Téiséas le hAriadne ansin.

Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |