Míochaine iomlánaíoch
Cuma
Baineann sí leis an teoiric go bhfuil níos mó beitheanna is airíonna i gcóras iomlán ar bith ná suim bheitheanna is airíonna na bpáirteanna de. I gcúrsaí míochaine is mó a chloistear an téarma seo, iarracht iomláine an othair — an cholainn fhisiciúil is a comhdhéanamh intinneach is mothúchánach — a chur san áireamh an t-am ar fad i gcóireáil galair ar bith. Baintear feidhm as an téarma i saghsanna míochaine pisreogaí neamheolaíoch freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míochaine iomlánaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |