Jump to content

Mínealaín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I dtraidisiúin acadúla na hEorpa, is éard atá i gceist leis na mínealaíona (nó na míndána) ná ealaín a chruthaítear go príomha ar mhaithe le cúrsaí aeistéitice. Déantar idirdhealú idir mínealaín agus ealaín mhaisiúilealaín fheidhmeach, a bhfuil feidhm phraiticiúil éigin ag baint leo, amhail potaireachtmiotalóireacht. I dteoiricí na aeistéitice a forbraíodh le linn na hAthbheochana san Iodáil, ba í an ealaín ab airde an ealaín a thug saoirse iomlán don ealaíontóir a c(h)uid cruthaitheachta a chur i láthair, beag beann ar chúinsí praiticiúla nó feidhmeacha. Fiú amháin laistigh de na mínealaíona, bhí ordlathas seánraí ann, bunaithe ar an méid samhlaíochta cruthaithí a bhí ag teastáil; mar shampla, rangaíodh an phéintéireacht staire níos airde ná ábhair neamhbheo.

Go stairiúil, ba iad an phéintéireacht, dealbhóireacht, ailtireacht, ceol agus filíocht na cúig phríomh-mhínealaín, ach sa lá atá inniu ann, cuirtear amharclannaíocht, ceoldrámaíocht, fótagrafaíocht mínealaíne, agus déanamh priontaí san áireamh i measc na mínealaíon.