Mícheál de Barra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál de Barra
Beathaisnéis
BreithCill Fhionnúrach Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Éireannach is ea Mícheál de Barra.

Rugadh agus tógadh Mícheál de Barra ar theorainn na Boirne gar do Chill Fhionnúrach i gCo an Chláir. D'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí in Inis Díomáin. Oileadh ina mhúinteoir bunscoile é i gColáiste Mhuire i mBÁC. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis aige ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Máistreacht san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide. Chaith sé a shaol oibre mar oideoir in Éirinn agus thar lear.

Ghnóthaigh ‘An Bóthar go Santiago’(Cois Life), a chéad leabhar foilsithe, Gradam Glen Dimplex 2007 i rannóg na Gaeilge. Tá ceithre leabhar eile scríofa aige: 'Gaeil i dTír na nGauchos’ (Coiscéim, 2009). ‘Gaeil faoi Bhratach Eureka’(Coiscéim, 2012), ‘Iúir Ársa agus Taibhsí Eile’ (Coiscéim, 2018) agus 'Trí Ghleanntáin is thar Mhóinteáin' (Coiscéim,2021).

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]