Méró

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Méró
Portrait Roi de france Mérovée.jpg
rí na bhFranc

Saol
Eolas breitheluach anaithnid, 415
Básluach anaithnid, c. 457
Muintir
AthairChlodio
Páistí
TreibhNa Meirvínsigh
Gairm
Gairmmonarc

De réir finscéil, b'é Méró (411-457) (Laidin: MeroveusMerovius; Fraincis: Mérovée Gearmáinis Merovech) bunaitheoir ríshliocht Meirvínseach na bhFranc Sailíneach, treibh a bhain ardcheannas amach i measc na bhFranc níos déanaí ar aghaidh. Is í an chiall atá leis an bhfocal 'Marwig' sa tsean Ghearmáinis ná 'troid (wi-g) iomráiteach (ma-ri)'. Cuir seo i gcomparáid le "mare" (Gaeilge: cáiliúil) agus "vecht" (Gaeilge: troid), san Ollainnis nua-aimseartha. Thug an chéad ríshliocht ríoga de chuid na bhFranc "Meirvínsigh" ("sliocht Mhéró") orthu féin.

Is beag an t-eolais ata ar fáil mar gheall air ina dhiaidh sin i stair na bhFranc. D'ainmhígh Gregorius Turonensis é, ach uair amháin, mar athair Childéric I agus ag an am céanna ag cur amhras ar a shliocht ó Chlodio. Admháiltear sa lá atá inniu ann go bhfaigheann an míniú seo a fhoirmiú i bhfinscéal arna dtuairisciú ag Frédégaire. Idirshuigh sé ar thagairt Ghregorius, ag rá gurb é Méró mac an bhanríon, bean Chlodio; ach go raibh a athair ina dhia-farraige, bistea Neptuni. Níl aon fhianaise stairiúla eile ann gur mhair Méró riamh. Tá roinnt taighdeoirí den tuairim go raibh Méró ina dhia nó ina leath-dhia ag na bhFrainc roimh iad a bheith iompaithe ina gCríostaithe. Bhí sé molta go dtagraíonn Méró d'abhainn "Merwede" na hOllainne, sa lá atá inniu ann atá mar chuid den deilt "Réin-Meus-Scheldt" ach go stairiúil a bhí ina phríomh fhochuideachta na Réine, sa cheantar ina raibh, de réir na staraithe Rómhánach, áit chónaithe na bhFranc Sailíneachan ann uair amháin. Tugann teoiric eile le fios gur finscéal é seouilig a chruthaíodh chun stair mhiotaseolaíoch a thabhairt mar thacaíocht do riail na bhFranc in Iarthar na hEorpa.