Méadrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, riail chun fad cuair agus uillinneacha idir cuair a thomhas i spás ar leith, agus eolas ar chuaire an spáis curtha san áireamh. Tá an coincheap lárnach don choibhneasacht ghinearálta, a leagann síos cothromóidí ag slonnadh an ghaoil idir an méadrach (is mar sin an chuaire) agus dáileadh an damhna.