Máirtín Mac an t-Saoir
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1965 58/59 bliana d'aois Lèanaidh, Scotland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Oilthigh Obar Dheathain - míochaine (–1988) Sabhal Mòr Ostaig |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, scéalaí |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Is scríbhneoir Gaeilge na hAlban é Màrtainn Mac an t-Saoir (a rugadh i 1965). Sa Lèanaidh a rugadh é, ach tá naisc aige le hUibhist a Deas. Rinne sé céim sa leigheas in Ollscoil Obair Dheathain agus bhain sé céim amach i 1988. Rinne sé céim eile ag Sabhal Mòr Ostaig.
Bhuaigh a chéad leabhar, an cnuashac gearrscéalta Ath-Aithne, Duais Saltire sa bhliain 2003 agus tá go leor saothar ficsin eile dá chuid a bhain áiteanna amach ar ghearrliostaí nó a bhuaigh gradaim litríochta de chuid Duaisean Litreachas na Gàidhlig ó shin i leith.
Sa bhliain 2007 rinneadh ‘Bàrd’ de chuid an Highland Society de agus rinneadh ambasadóir de ag Leabharlann Filíochta na hAlban idir 2021-23. Tá cónaí air i nDún Éideann agus bhí sé ar an gcéad Scríbhneoir Cónaithe Gàidhlig in Ollscoil Dhún Éideann idir 2022-24.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gymnippers Diciadain (2005)
- An Latha As Fhaide (2008)
- Air A Thòir (2011)
Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dannsam Led Fhaileas (2006)
Gearrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ath-Aithne (2003)