Máirtín Óg Mac Donncha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirtín Óg Mac Donncha
Beathaisnéis
BreithAn Cheathrú Rua Cuir in eagar ar Wikidata

Is as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara é Máirtín óg Mac Donncha agus tá éachtaí móra déanta aige ar a rothar. Is fear gnó é agus tá go leor dá chuid ama caite aige ag bailiú airgid do chúiseanna carthanachta.

Turas trasna Mheiriceá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roinnt blianta ó shin thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe agus rinne sé aistear mór rothaíochta leis an ngrúpa na Blazing Saddles Curtha i gcartlann 2007-01-29 ar an Wayback Machine. Thaistil siad ó thaobh amháin de chósta Mheiriceá go dtí an an taobh eile. Bhailigh siad slám mór airgid ar an turas. Spreag sé an pobal sa mbaile in Éirinn leis na tuairiscí a sheol sé abhaile chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn an turais.

Bhí cur síos iontach aige ar an anró agus an stró a bhain leis an turas — na háiteacha a chonaic sé agus an chaoi ar éirigh leis na rothaithe eile ina chuideachta. Bhí an rothaí cáiliúil Seán Kelly i gceannas ar an turas seo agus tá breis turas déanta acu go deimhin ó shin.

Rás an Turcaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Máirtín óg Mac Donncha a chuir tús le rás an turcaí ar an gCeathrú Rua. Tá rothaithe cáiliúla anois ag freastal ar an ócáid seo agus bíonn an baile beo beathach le linn na hócáide sin.