Máirseáil (ceol)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceol a dheartar chun a bheith oiriúnach le saighdiúirí ag máirseáil a thionlacan. Beagnach i gcónaí in am débhuilleach nó ceathairbhuilleach, agus luas measartha nó tapa (ach amháin i máirseáil sochraide). I measc na bpíosaí cáiliúla ceolchoirme tá an ‘Marche au supplice’ i Symphonie fantastique Berlioz (‘Mairseáil chun na Croiche’ i Siansa Fantaiseach, 1830), agus na máirseálacha i bPomp and Circumstance Elgar (Mustar is Mórdháil, 1901-1907).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Máirseáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 433.