Máirseáil (ceol)
Cuma
(Athsheolta ó Máirseáil)
Ceol a dheartar chun a bheith oiriúnach le saighdiúirí ag máirseáil a thionlacan. Beagnach i gcónaí in am débhuilleach nó ceathairbhuilleach, agus luas measartha nó tapa (ach amháin i máirseáil sochraide). I measc na bpíosaí cáiliúla ceolchoirme tá an ‘Marche au supplice’ i Symphonie fantastique Berlioz (‘Mairseáil chun na Croiche’ i Siansa Fantaiseach, 1830), agus na máirseálacha i bPomp and Circumstance Elgar (Mustar is Mórdháil, 1901-1907).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Máirseáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 433.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |