Máire Nic a Liondain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Nic a Liondain
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Luaitear trí dhán leis an bhfile Máire Nic a Liondain (fl. 1750) agus tá a lán dánta eile dá cuid caillte.

Tógadh lastuaidh de Dhún Dealgan í. Fear uasal, file agus cláirseoir a raibh fáilte aige roimh fhilí eile ba ea a hathair Pádraig Mac a Liondain. Tá dhá dhán fhada de chuid Mháire ar marthain, ceann acu ag fáiltiú roimh fhear darbh ainm Seosamh Pluinceíd chun a ceantair féin agus ceann eile ag caoineadh a bháis.[1]

A hainmse is mó a luaitear leis an amhrán Coillte Glasa an Triúcha, amhrán a bhfuil an iomad leaganacha de ann. Tá cosúlachtaí idir an friotal atá ann agus friotal na ndánta fada.[1]

Deirtear gur chláirseoir í Máire; b’fhéidir gurb ise a chum an fonn.[1]

Coillte Glasa an Triúcha (sliocht)[cuir in eagar | athraigh foinse]

(An fear)

Ó Pharrthas ní aithin damh aon áit insan chruinne
Is áille is is deise cúirtibh –
Fonn agus fearann, coill is abhaill,
Toradh trom, piorraí is úlla;
Caora ar chrannaibh, cná buí ar choilltibh,
Ag dortadh le ceathaibh cnuasaigh,
An chóisir inár gcoinne, is na céadtaí dár gcineadh
Fá choilltibh glasa an Triúcha.

(An bhean)

Aidmhím gan scáth gur maith a bhfuil tú a’ rá
Fá thorthaibh is fá cnuasaigh;
‘S gurb aoibhinn an ái atá againn le fáil
Is nach eagal dúinn go bráth cumha ann.
Acht dá mbeadh seinm na ndán is gach éan dá raibh san árc
Ag ceiliúr go bráth dúinne,
Char mhiste dhúinn cáil den arán a bheith i láthair
I gcoilltibh glasa an Triúcha.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.), “Courts and Coteries II” in Angela Bourke (eag.), Field Day Anthology of Irish Writing IV: lgh 436-7. NYU Press, 2002.