Màiri NicDhòmhnaill (Màiri Nighean Iain Bhàin)
Màiri NicDhòmhnaill | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Sgéubost, 1821 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Port Rìgh, 1898 |
Oideachas | |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir |
Gluaiseacht ealaíne | filíocht |
File Albanach ba ea Màiri Mhòr nan Oran, Màiri NicDhòmhnaill nó Màiri Nighean Iain Bhàin (10 Márta 1821 – 7 Samhain 1898).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Màiri Mhòr sa bhliain 1821, i Sgèabost san Oileán Sgiathanach, Albain. Chaith sí a hóige san oileán.
Sa bhliain 1848 phós sí Isaac Mac a' Phearsain, gréasaí ó Inbhir Nis, agus chuaigh sí chun cónaí leis sa bhaile sin. Bhí seisear chlainne acu. Fuair Isaac bás sa bhliain an 1871 agus b'éigean dí slí beatha a bhaint amach mar chailín aimsire agus ina dhiaidh sin mar altra. Thosaigh sí ag scríobh filíochta agus í i mbun na hoibre seo.
Tharla eachtra dí agus í ag obair áfach agus cuireadh gadaíocht éadaí in a leith. Gearradh 40 lá i bpríosún uirthi, cé gur pléadáil sí neamhchiontach. Thug a lán daoine mór le rá sa cheantair tacaíocht dí agus nuair a d'admháil cailín aimsire gur ise a bhí ciontach ligeadh do Mhàiri dul saor.Níor chúitíodh í as an méid ama a bhí uirthi fanacht faoi ghlas.
Thosaigh sí ag cumadh filíochta le linn an ama seo agus í ag scríobh ar théama na héagóra a tharla dí agus ar ábhair eile. Go luath ina dhiaidh sin, d'fhág Màiri Inbhir Nis agus d'imigh sí chun chónaí i nGlaschú. Is ann a chuaigh sí faoi oiliúint mar altracht agus mar altracht-ghlúine. Ba dhuine aithnidiúil í i measc Gael Ghlaschú, mar gur ghlac sí páirt i bhfeiseanna agus i saol sóisialta Gaelach na cathrach.
Bhí saol s'aicise an uair sin léirithe mar théamaí in a cuid dánta, ina measc 'Camanachd Ghlaschu' agus 'Deoch-shlàinte Gàidheil Ghrianaig'.
Tá an t-uafaás d'amhrán Mhàiri faoi bhoidheacht an Oileáin Sgitheanaich agus ar na hathruithe a thagtaí ar an áit. Tá a lán díobh siúd i mbéal an phobail go fóill, leithéid agus 'Nuair a bha mi òg', 'Eilean a' Cheò' agus 'Soraidh leis an Àite'.
Fuair Màiri bás i bPort-rìgh ach tá sí curtha taobh lena fear céile in Inbhir Nis.
'Màiri Mhòr nan Oran', ullmhaithe ag Dòmhnall E Meek (Gairm, 1977) 'An Introduction to Gaelic Poetry', le Ruairidh MacThòmais (Dún Éideann, 1990)
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
- A' Chlach agus Màiri
- Airgead-cinn Alasdair Bhàin
- Breacan Màiri Uisdein
- Brosnachadh nan Gaidheal
- Caithream Buaidh
- Camanachd Ghlaschu
- Ceatharnaich Bheàrnaraigh
- Clò na Cùbaid
- Cogadh Sìobhalta eadar Bean Òis agus Màiri
- Coinneamh nan Croitearan
- Còmhradh Eadar Iain Bàn 's Coille-chuinnlidh
- Deoch-shlàinte Gaidheil Ghrianaig
- Duilleag bho Bhealach nan Cabar
- Eilean a' Cheò
- Fàgail Eilean a' Cheò
- Faistneachd agus beannachd do na Gaidheil
- Fios gu Clach Àrd Uige
- Gaisgich Loch Carainn
- Luchd na Beurla
- Marbhrann do Dhtr Neacal Màrtainn Husabost
- Na dh'fhuiling mi de dh'fhòirneart
- Nuair bha mi òg
- Òran Beinn Lì
- Òran Sàrachaidh
- Soraidh le Eilean a' Cheò