Jump to content

Màiri Mhòr nan Òran

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMàiri Mhòr nan Òran

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1821
Sgeitheabost, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1898
76/77 bliana d'aois
Port Rìgh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban
"Rosedale Hotel"

Ba fhile Gaelach as an Eilean Sgitheanach í Màiri Mhòr nan ÒranMàiri Nic a' Phearsain, no Màiri Nighean Iain Bhàin, (10 Márta 1821 – 7 Samhain 1898), a bhfuil a chion ar litríocht Ghaeilge na hAlban dírithe go mór ar Fhuadach na nGael agus ar Cogadh na gCrochtóirí; feachtais stailceanna cíosa agus cineálacha eile gníomhaíochta Dhionnasg an Fhearainn. Cé go bhféadfadh sí a saothar féin a léamh nuair a scríobhadh síos é, ní fhéadfadh sí é a scríobh síos í féin.[1] Choinnigh sí a cuid amhrán agus dánta ina cuimhne agus sa deireadh dheachtaigh sí iad do dhaoine eile, a scríobh síos iad lena bhfoilsiú.[2] Is minic a thagair sí di féin mar Màiri Nighean Iain Bhàin , an t-ainm faoina mbeadh aithne uirthi san Eilean Sgitheanach le linn a hóige.[3]

Sa bhliain 1848 phós sí Isaac Mac a' Phearsain, gréasaí ó Inbhir Nis, agus chuaigh sí chun cónaí leis sa bhaile sin. Bhí seisear chlainne acu. Fuair Isaac bás sa bhliain an 1871 agus b'éigean dí slí beatha a bhaint amach mar chailín aimsire agus ina dhiaidh sin mar altra. Thosaigh sí ag scríobh filíochta agus í i mbun na hoibre seo.

Tharla eachtra dí agus í ag obair áfach agus cuireadh gadaíocht éadaí in a leith. Gearradh 40 lá i bpríosún uirthi, cé gur phléadáil sí neamhchiontach. Thug a lán daoine mór le rá sa cheantair tacaíocht dí agus nuair a d'admháil cailín aimsire gur ise a bhí ciontach ligeadh do Mhàiri dul saor.Níor chúitíodh í as an méid ama a bhí uirthi fanacht faoi ghlas.

Thosaigh sí ag cumadh filíochta le linn an ama seo agus í ag scríobh ar théama na héagóra a tharla dí agus ar ábhair eile. Go luath ina dhiaidh sin, d'fhág Màiri Inbhir Nis agus d'imigh sí chun chónaí i nGlaschú. Is ann a chuaigh sí faoi oiliúint mar altracht agus mar altracht-ghlúine. Ba dhuine aithnidiúil í i measc Gael Ghlaschú, mar gur ghlac sí páirt i bhfeiseanna agus i saol sóisialta Gaelach na cathrach.

Bhí saol s'aicise an uair sin léirithe mar théamaí in a cuid dánta, ina measc 'Camanachd Ghlaschu' agus 'Deoch-shlàinte Gàidheil Ghrianaig'.

Tá an t-uafaás d'amhrán Mhàiri faoi bhoidheacht an Oileáin Sgitheanaich agus ar na hathruithe a thagtaí ar an áit. Tá a lán díobh siúd i mbéal an phobail go fóill, leithéid agus 'Nuair a bha mi òg', 'Eilean a' Cheò' agus 'Soraidh leis an Àite'.

Fuair Màiri bás i bPort-rìgh ach tá sí curtha taobh lena fear céile in Inbhir Nis.

'Màiri Mhòr nan Oran', ullmhaithe ag Dòmhnall E Meek (Gairm, 1977) 'An Introduction to Gaelic Poetry', le Ruairidh MacThòmais (Dún Éideann, 1990)

Cloch chinn a leag Teàrlach Friseal Mac an Tòisich ar thuama uaigh Mhàiri
  • A' Chlach agus Màiri
  • Airgead-cinn Alasdair Bhàin
  • Breacan Màiri Uisdein
  • Brosnachadh nan Gaidheal
  • Caithream Buaidh
  • Camanachd Ghlaschu
  • Ceatharnaich Bheàrnaraigh
  • Clò na Cùbaid
  • Cogadh Sìobhalta eadar Bean Òis agus Màiri
  • Coinneamh nan Croitearan
  • Còmhradh Eadar Iain Bàn 's Coille-chuinnlidh
  • Deoch-shlàinte Gaidheil Ghrianaig
  • Duilleag bho Bhealach nan Cabar
  • Eilean a' Cheò
  • Fàgail Eilean a' Cheò
  • Faistneachd agus beannachd do na Gaidheil
  • Fios gu Clach Àrd Uige
  • Gaisgich Loch Carainn
  • Luchd na Beurla
  • Marbhrann do Dhtr Neacal Màrtainn Husabost
  • Na dh'fhuiling mi de dh'fhòirneart
  • Nuair bha mi òg
  • Òran Beinn Lì
  • Òran Sàrachaidh
  • Soraidh le Eilean a' Cheò

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Somhairle Mac Gill-eain, "Ris a' Bhruaithaich The Criticism and Prose Writing of Sorley MacLean" (Stornoway : Acair, 1985)251-2
  2. Dòmhnall Eachainn Meek,“Màiri Mhòr nan Òran : Taghadh de a h-Òrain” (Dùn Eideann : Comann Litreachas Gàidhlig na h-Alba, 1998)51-56
  3. Dòmhnall Eachainn Meek,“Màiri Mhòr nan Òran : Taghadh de a h-Òrain” (Dùn Eideann : Comann Litreachas Gàidhlig na h-Alba, 1998)31&186