Lévis, Québec
Lévis, Québec | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Francis de Gaston, Chevalier de Levis | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ceanada | ||||
Cúige Cheanada | Québec | ||||
Réigiún riaracháin in Québec | Chaudière-Appalaches | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 149,683 (2021) | ||||
• Dlús | 301.17 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Communauté métropolitaine de Québec (en) | ||||
Achar dromchla | 497 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Saint Lawrence | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Les Chutes-de-la-Chaudière | ||||
Bunaitheoir(í) | Joseph-David Déziel | ||||
18 Bealtaine 1861: Paróiste 1 Eanáir 2002: Bunreacht | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | G6, G7 | ||||
Glaochód | 418 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ville.levis.qc.ca |
Cathair in oirthear Québec, Ceanada, is ea Lévis, agus é suite ar bhruach theas Abhann San Labhráns, go díreach os comhair Cathair Québec. Rinneadh aon chathair amháin de sheanchathair Lévis (vieux Lévis) agus naoi mbaile eile ina chóngar ar 1 Eanáir 2002. Bhí 138,769 duine ina gcónaí in Lévis sa bhliain 2011. Tá seirbhís farantóireachta idir Lévis agus Cathair Québec, agus tá dhá dhroichead trasna na habhann in iarthar Lévis.
Tá iarsmaí seandálaíochta faighte in Lévis a théann 10,000 bliana siar agus is féidir gur áit thábhachtach é do na hIndiaigh sa chuid sin den tír mar gheall ar a suíomh ar an abhainn. Chuir na chéad Eorpaigh fúthu ar an mbruach theas den abhainn sa cheantar sa chéad leath den 17ú haois. Saint-Joseph-de-la-Pointe-Lévy an t-ainm ar an tsráidbhaile, agus é suite i seigneurie Lauzon. Sa bhliain 1861 cuireadh cathair Lévis ar bun cúpla bliain i ndiaidh bhunadh pharóiste Notre-Dame-de-la-Victoire. Sa bhliain 2002, dála roinnt ceantracha uirbeacha eile i gCeanada, cuireadh Lévis le chéile leis na fo-bhailte agus bailte eile sa cheantar le chéile mar chathair nua. Ní feidhmíonn Lévis mar fho-bhaile de chathair Québec mar oibríonn an oiread sin de lucht na háite in Lévis féin.
Sa dara leath den 18ú haois throid na Briotanaigh agus Francaigh in Lévis agus in a theannta. Fuair an ginearál Briotanach James Wolfe bás ansin agus coimeádadh a chorp ann ar feadh tamaill. Tógadh trí dhúnfort ann sna 1860idí ar eagla go leathnódh Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe go Ceanada. Is féidir cuairt a thabhairt ar cheann acu inniu. Chuir an lánúin Desjardins—Dorimène Roy agus Alphonse— an chéad chumann creidmheasa in Québec ar siúl ina dteach féin in Lévis: Tá craobhacha den Caisse Populaire ar fud chúige Québec inniu.
Is í an Fhraincis an mháthairtheanga ag 97% den daonra. Is Caitlicigh iad tromlach mór na ndaoine.