Lévis, Québec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLévis, Québec

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósFrancis de Gaston, Chevalier de Levis Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 46°48′00″N 71°11′00″W / 46.8°N 71.1833°W / 46.8; -71.1833
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaQuébec
Réigiún riaracháin in QuébecChaudière-Appalaches Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán149,683 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús301.17 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deCommunauté métropolitaine de Québec (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla497 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Saint Lawrence Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síLes Chutes-de-la-Chaudière Regional County Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Joseph-David Déziel Cuir in eagar ar Wikidata
18 Bealtaine 1861Paróiste
1 Eanáir 2002Bunreacht
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistG6, G7 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód418 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinville.levis.qc.ca Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair in oirthear Québec, Ceanada, is ea Lévis, agus é suite ar bhruach theas Abhann San Labhráns, go díreach os comhair Cathair Québec. Rinneadh aon chathair amháin de sheanchathair Lévis (vieux Lévis) agus naoi mbaile eile ina chóngar ar 1 Eanáir 2002. Bhí 138,769 duine ina gcónaí in Lévis sa bhliain 2011. Tá seirbhís farantóireachta idir Lévis agus Cathair Québec, agus tá dhá dhroichead trasna na habhann in iarthar Lévis.

Tá iarsmaí seandálaíochta faighte in Lévis a théann 10,000 bliana siar agus is féidir gur áit thábhachtach é do na hIndiaigh sa chuid sin den tír mar gheall ar a suíomh ar an abhainn. Chuir na chéad Eorpaigh fúthu ar an mbruach theas den abhainn sa cheantar sa chéad leath den 17ú haois. Saint-Joseph-de-la-Pointe-Lévy an t-ainm ar an tsráidbhaile, agus é suite i seigneurie Lauzon. Sa bhliain 1861 cuireadh cathair Lévis ar bun cúpla bliain i ndiaidh bhunadh pharóiste Notre-Dame-de-la-Victoire. Sa bhliain 2002, dála roinnt ceantracha uirbeacha eile i gCeanada, cuireadh Lévis le chéile leis na fo-bhailte agus bailte eile sa cheantar le chéile mar chathair nua. Ní feidhmíonn Lévis mar fho-bhaile de chathair Québec mar oibríonn an oiread sin de lucht na háite in Lévis féin.

Notre Dame de la Victoire, a tógadh sa bhliain 1851

Sa dara leath den 18ú haois throid na Briotanaigh agus Francaigh in Lévis agus in a theannta. Fuair an ginearál Briotanach James Wolfe bás ansin agus coimeádadh a chorp ann ar feadh tamaill. Tógadh trí dhúnfort ann sna 1860idí ar eagla go leathnódh Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe go Ceanada. Is féidir cuairt a thabhairt ar cheann acu inniu. Chuir an lánúin Desjardins—Dorimène Roy agus Alphonse— an chéad chumann creidmheasa in Québec ar siúl ina dteach féin in Lévis: Tá craobhacha den Caisse Populaire ar fud chúige Québec inniu.

Is í an Fhraincis an mháthairtheanga ag 97% den daonra. Is Caitlicigh iad tromlach mór na ndaoine.

An teach inar chuir na Desjardins a gcumann creidmheasa, Caisse Populaire, ar siúl den chéad uair.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]