Léicean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crann clúdaithe le léicin

Is beathachruthanna casta iad na léicin atá ina gcomhpháirtíocht shiombóiseach de dhá orgánach ar leith, an fungas agus an t-alga. Is é an comhpháirtí ceannasach ná an fungas, a thugann an chuid is mó dá thréithe don léicean, óna chruth tallais go dtí a spórthorthaí. Féadfaidh an t-alga a bheith ina alga glas nó ina alga gormghlas, nó cianabaictéir mar a thugtar air freisin. Beidh an dá chineál algaí ag go leor léicean.