Lámhach Marjory Stoneman Douglas High School
| ||||
Cineál | lámhach scoile oll-lámhach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | list of school shootings in the United States (en) | |||
Dáta na bliana | 14 Feabhra 2018 | |||
Suíomh | Marjory Stoneman Douglas High School, Florida (en) | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Finné | David Hogg | |||
Sprioc | dalta ardscoile agus múinteoir meánscoile | |||
Is cúis le | 2018 NRA boycott (en) 2018 United States gun violence protests (en) | |||
Íospartach | Peter Wang íospartach lámhaigh Alyssa Alhadeff (en) íospartach lámhaigh Joaquin “Guac” Oliver (en) íospartach lámhaigh Martin Duque (en) íospartach lámhaigh Jaime Guttenberg íospartach lámhaigh Meadow Pollack íospartach lámhaigh Scott Beigel íospartach lámhaigh Nicholas Dworet íospartach lámhaigh Gina Montalto (en) íospartach lámhaigh | |||
Líon básanna | 17 | |||
Líon gortaithe | 17 | |||
Déantóir na coire | Nikolas Cruz | |||
Arm | Smith & Wesson M&P15 (en) | |||
Meán cumarsáide | ||||
Lá 'le Vailintín 2018 a thug iarscoláire 19 mbliana déag faoi ruathar lámhaigh ar Marjory Stoneman Douglas High School, ardscoil i bParkland, Florida (thart ar 80 ciliméadar ó thuaidh de Mhiami).[1] Maraíodh seacht nduine dhéag de bharr a gcaite (14 dalta agus triúr den bhfoireann) agus gortaíodh go leor eile san ionsaí; maraíodh an cóitseálaí peile san eachtra.[2]
Bhí Adelina Hurley, déagóir 16 bliana d'aois arb as Éirinn í, i measc na ndaltaí a bhí sáinnithe sa sléacht.[5] Bhí cuimhne ag Adelina ar an scanradh a bhí ar gach duine, ar an screadaíl, ar na gcaoineadh a bhí gach áit agus an fonn a bhí ar gach duine rith leis ngunnadóir a sheachaint.
Bhí an t-ionsaitheoir, Nikolas Cruz, curtha ar fionraí ag an scoil de bharr a chuid iompair, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí smachtaithe, nuair a bhí sé ag freastal uirthi. Dúirt lucht na scoile gur cadhan aonair ba ea Nikolas Cruz.[2]
Bhí póílín[3][4] ar gharda sa scoil, Scot Peterson, agus gunna aige, ach d'fhan sé amuigh. Sa bhliain 2019, cuireadh faillí ina leith.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil ar na marthanóirí ó shin as an bhfeachtasaíocht agus stocaireacht a dhéanann siad in aghaidh fhoréigean gunnaí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-25). "Stair fhada sléachtanna i scoileanna Mheiriceá." (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2018-02-15). "Fear cúisithe maidir le 17 cúis de dhúnmharú i bhFlorida" (as ga).
- ↑ 3.0 3.1 "school resource officer" a bhí ann
- ↑ 4.0 4.1 "School resource officer" (as en) (2022-05-25). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-02-16). "Éireannach í duine díobh siúd a theith ón sléacht i bhFlorida" (as ga).