Lámhach Marjory Stoneman Douglas High School

Lá 'le Vailintín 2018 a thug iarscoláire 19 mbliana déag faoi ruathar lámhaigh ar Marjory Stoneman Douglas High School, ardscoil i bParkland, Florida (thart ar 80 ciliméadar ó thuaidh de Mhiami).[1] Maraíodh seacht nduine dhéag de bharr a gcaite (14 dalta agus triúr den bhfoireann) agus gortaíodh go leor eile san ionsaí; maraíodh an cóitseálaí peile san eachtra.[2]

Bhí Adelina Hurley, déagóir 16 bliana d'aois arb as Éirinn í, i measc na ndaltaí a bhí sáinnithe sa sléacht.[5] Bhí cuimhne ag Adelina ar an scanradh a bhí ar gach duine, ar an screadaíl, ar na gcaoineadh a bhí gach áit agus an fonn a bhí ar gach duine rith leis ngunnadóir a sheachaint.

Bhí an t-ionsaitheoir, Nikolas Cruz, curtha ar fionraí ag an scoil de bharr a chuid iompair, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí smachtaithe, nuair a bhí sé ag freastal uirthi. Dúirt lucht na scoile gur cadhan aonair ba ea Nikolas Cruz.[2]
Bhí póílín[3][4] ar gharda sa scoil, Scot Peterson, agus gunna aige, ach d'fhan sé amuigh. Sa bhliain 2019, cuireadh faillí ina leith.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil ar na marthanóirí ó shin as an bhfeachtasaíocht agus stocaireacht a dhéanann siad in aghaidh fhoréigean gunnaí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-25). "Stair fhada sléachtanna i scoileanna Mheiriceá." (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2018-02-15). "Fear cúisithe maidir le 17 cúis de dhúnmharú i bhFlorida" (as ga).
- ↑ 3.0 3.1 "school resource officer" a bhí ann
- ↑ 4.0 4.1 "School resource officer" (as en) (2022-05-25). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-02-16). "Éireannach í duine díobh siúd a theith ón sléacht i bhFlorida" (as ga).