Lus na seabhac
Planda ilbhliantúil atá forleathan, sa leathsféar thuaidh den chuid is mó. Na duilleoga iomlán nó domhainfhiaclach, eagraithe go bíseach timpeall ar an ngas nó mar róiséad ag a bhun. Na bláthchinn ina n-aonar nó i gcrobhaingí scaoilte, na bláthóga buí de ghnáth. Atáirgeann an-chuid díobh ó thorthaí a d'fhás gan a bheith toirchithe, agus mar seo faightear an-chuid micrispeiceas scoite, suas le 20,000 díobh, meastar.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |