Lus an bhorraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus an bhorraigh
Utricularia Cuir in eagar ar Wikidata

Utricularia tenuicaulis Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLentibulariaceae
GéineasUtricularia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochUtricularia vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Planda ascaideach feoiliteach, uisciúil den chuid is mó, le duilleoga roinnte go mín, na teascáin le bolgáin bhídeacha is ea lus an bhorraigh.[1] Na bláthanna démhaothánach sporach, iompartha ar spící caola ag gobadh os cionn an uisce. Feithidí is crústaigh a fheidhmíonn mar chreach, agus gabhtar iad sna bolgáin bhídeacha. Ar gach bolgán, bíonn comhla tógála a ghníomhachtaítear chun dúnadh nuair a dhéantar tadhall le ribí íogaire istigh ann, súitear an chreach isteach agus gabhtar í. Athchuirtear an chomhla tógála tar éis don phlanda cothaithigh a ionsú ón gcreach. Snámhann na speicis atá dúchasach do réigiúin mheasartha go saor, ach iad siúd atá dúchasach do na trópaicí, is féidir gur plandaí talún nó eipifítí iad.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Utricularia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lus an bhorraigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 423.