Luas (grianghrafadóireacht)
Cuma
Sa ghrianghrafadóireacht, grádú ar íogaireacht ábhair fhótagrafaigh ar scála uimhriúil caighdeánach. Roimhe seo bhíodh scála ASA (inar chomhfhreagair dúbailt na híogaireachta do dhúbailt an ghrádaithe) agus scála Gearmánach DIN (inar chomhfhreagair dúbailt na híogaireachta do mhéadú 3° sa ghrádú) in úsáid, ach faoi seo tá an dá cheann comhcheangailte i scála ISO, a luann an dá ghrádú, ASA is DIN, le chéile, mar seo: ISO 200/24°.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Luas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 420.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |