Luaineacht chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I bhfisic chandamach, is éard atá i luaineacht chandamach athrú sealadach fánach ar mhéid an fhuinnimh ag pointe i spás. De réir na teoirice candamaí níl damhna ná fuinneamh san fholús, ach tá luaineachtaí ann, trasdul idir ní agus neamhní mar a bhféadtar fíoreiseadh a dhéanamh d’eiseadh poitéinsiúil trí fhuinneamh, mar a deir prionsabal éiginnteachta Heisenberg. (Is ionann fuinneamh agus damhna, ós rud é nach bhfuil i ndamhna ach bearta fuinnimh.) Fágann sin go bhfuil an folús lán de chruthú agus de chealú, cé go bhfuil na luaineachtaí an-bheag agus gur minic a chealaíonn siad a chéile.[1]}}[2] Is éard atá i gceist anseo mionluaineachtaí i luachanna na réimsí a sheasann do bhuncháithníní, leithéidí réimsí leictreacha agus maighnéadacha a sheasann don fhórsa leictreamhaighnéadach atá á iompar ag fótóin, réimsí W agus Z (bósóin) a iompraíonn an fórsa lag, agus réimsí glúón a iompraíonn an fórsa láidir.[3] Nochtar luaineachtaí folúis mar cáithníní fíorúla agus iad ina bpéirí cáithnín-frithcháithnín.[4] Cruthaítear luaineachtaí folúis agus cáithníní fíorúla go tobann gan foinse fuinnimh, agus dá bhrí sin sáraíonn siad dlí inchoimeád an fhuinnimh. Ach cealaíonn siad a cheile taobh istigh den achar atá socair ag prionsabal na héiginnteachta agus ní féidir iad a bhreathnú.[4][3]

Deir prionsabal na éiginnteachta gur féidir an éiginnteacht san fhuinneamh agus san aimsir a chur i gcomhchoibhneas.[5] Ní féidir na cáithníní a bhreathnú go díreach, ach is féidir toradh carnach a thomhas. Mar shampla, is éigríochta iad mais “lom” agus lucht na gcáithníní fíorúla gan luaineachtaí candamacha; deir teoiric an athnormalaithe gurb é an sciathú a bhaineann le scamall na gcáithníní fíorúla is cúis le mais agus lucht finideach na mbuncháithníní.

B’fhéidir gurbh éigean do luaineachtaí candamacha a bheith ann chun tús a chur le struchtúr na cruinne. De réir shamhail an an bhoilscithe chosmaigh, mhéadaigh na luaineachtaí a bhí ann nuair a thosaigh an boilsciú, rud ar eascair an mórstruchtúr atá anois ann as. Ina theannta sin, b’fhéidir gur fuinneamh folúis is cúis le fairsingiú na cruinne agus é ag luasghéarú (an tairiseach cosmeolaíochta).

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]