Luadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Frithghníomh gluaisne nó treoshuite orgánaigh mar fhreagairt ar spreagadh. Is féidir go mbeidh ceimealuadar (freagairt ar spreagadh ceimice), fótaluadar (freagairt ar spreagadh solais), nó teirmealuadar (freagairt ar spreagadh teasa) i gceist. Nuair is gluaisne i dtreo an spreagtha a tharlaíonn, is luadar dearfach í, agus luadar diúltach nuair is gluaisne amach ón spreagadh a tharlaíonn. Más ainmhí a ghluaiseann i dtreo solais é, is ainmhí fótaluadrach dearfach é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 419.