Louise O'Neill
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 24 Feabhra 1985 41 bliana d'aois Corcaigh, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Iriseoireacht agus belles-lettres |
| Gairm | scríbhneoir litríocht pháistí, iriseoir, scríbhneoir |
| Teangacha | Béarla |
Scríbhneoir Éireannach is ea Louise O'Neill, a rugadh i gCloch na Coillte, Iarthar Chorcaí, i 1985. Scríobhann sí leabhair d'aosaigh óga agus ficsean coireachta.
Saol Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh i Chontae Corcaí í. Bhain sí Baitsiléir Ealaíon sa Bhéarla amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ansin bhain sí Dioplóma Iarchéime i gCeannach Fhaisin amach ón Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.[1] Bhog O'Neill go Nua-Eabhrac i 2010 agus chaith sí bliain ag obair le Kate Lanphear, Ardstiúrthóir Stíl don iris ELLE.[2][3] D'fhill sí go hÉirinn i 2011 agus thosaigh sí ag scríobh.
Gairm scríbhneoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh sí a chéad úrscéal Only Ever Yours, a d'fhoilsigh Quercus i 2014. Bhuaigh sí Gradam Bord Gáis - Sunday Independent Duine Nua na Bliana i 2014. I 2015, bhuaigh sí Duais Díoltóirí Leabhar don Leabhar D'Aosaigh Oga na Bliana agus bhuaigh sí Gradam Eilis Dillon ó Children's Books Ireland.[4][5] I 2015, cheannaigh an comhlacht léirithe Killer Content cearta scannáin agus teilifís ar an leabhair Only Ever Yours.[6]
D'fhoilsigh a dara húrscéal Asking for It i 2015, leabhar ficsean faoin éigniú, a thosaigh díospóireacht faoi chultúr éignithe in Éirinn.[7] Fuair an scannán moladh ó na léirmheastóirí agus chaith sé 52 seachtain ag barr an liosta díolacháin leabhar in Éirinn.[8] I 2015, bhuaigh sé Gradam Leabhar Éireannach - Duais Specsavers don Leabhar d'Aosaigh Óga na Bliana.[8] I 2016, cheannaigh Bandit Television na cearta teilifís ar Asking For It.[9] An bhliain chéanna, scríobh O'Neill clár faisnéise ar RTÉ a Dó faoi thoil ghnéis.[6] Cóiríodh Landmark Productions an leabhar don ardán i 2018; scríobh drámadóir Meadhbh McHugh an dráma.[10] Chuireadh é ar an ardán den chéad uair san Amharclann Everyman i gCorcaigh, ar an 15 Meitheamh, 2018.[10]
D'fhoilsigh O'Neill dhá leabhair i 2018, Almost Love agus The Surface Breaks.
Chuir sí leabhar nua amach i 2020, After the Silence, leabhar a bhuaigh Duais An Post - Leabhar Coireachta na Bliana i 2020.[11]
Cuirtear a cuid scríbhneoireachta i gcomparáid leis an úrscéal An Dara Rogha le Celia de Fréine ó thaobh an diostóipeachais de, cé nach aon aithris atá i gceist.[12]
Oibríonn sí mar saoririseoir ag scríobh le roinnt nuachtáin agus irisí in Éirinn, ar nós an Irish Examiner.[13] Scríobhann sí faoi chúrsaí feimineach, faisean agus cultúr.
Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 2014 - Only Ever Yours (Quercus Publishing)
- 2015 - Asking for It (Quercus Publishing)
- 2018 - Almost Love (Quercus Publishing)
- 2018 - The Surface Breaks (Scholastic)
- 2020 - After the Silence (Quercus Publishing)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "2016/17 Louise O'Neill | University of Limerick". ulsites.ul.ie. Dáta rochtana: 2021-05-17.
- ↑ "Writer's Block with Louise O'Neill" (en-US). The Gloss Magazine (2018-03-16). Dáta rochtana: 2021-05-09.
- ↑ "Louise O'Neill". www.fantasticfiction.com. Dáta rochtana: 2021-05-29.
- ↑ Robert Dunbar. "Who’ll take home a children’s book award? Louise O’Neill, for one" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-10.
- ↑ Martin Doyle. "Louise O’Neill wins The Bookseller’s YA Book Prize for Only Ever Yours" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-10.
- 1 2 Una Mullally. "Louise O’Neill: ‘The hardest place to maintain my feminism is in a relationship with a straight man’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ Aoife Barry. "Louise O'Neill: "I wanted the reader to finish this book and be absolutely furious"" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-05-10.
- 1 2 "Louise O’Neill" (en). ASKING FOR IT (2017-11-03). Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ "Louise O'Neill's Asking for It is being made for TV" (en). the Guardian (2016-04-11). Dáta rochtana: 2021-05-14.
- 1 2 "Louise O'Neill and Meadhbh McHugh on adapting 'Asking for It' for the stage, portraying sexual violence, and the Ulster rape trial" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ "After the Silence: The An Post Crime Novel of the Year".
- ↑ "Tús Áite: Mír na Leabhar". RTÉ (2022-06-01).
- ↑ "Writer's Block with Louise O'Neill" (en-US). The Gloss Magazine (2018-03-16). Dáta rochtana: 2021-05-09.