Louisa Ní Éideáin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | c. 1984 41/42 bliana d'aois Léim an Bhradáin, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Áit chónaithe | Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fuirseoir, bainisteoir, fuirseoir ar a boinn |
| Teangacha | An Ghaeilge, Béarla agus Béarla na hÉireann |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Is fuirseoir í Louisa Ní Éideáin a chumann amhráin ghrinn faoi shaol an tuismitheora agus cé chomh Francach is atá na Francaigh. Tá go leor taithí ag Louisa ar ghreann i "bpríomhchathair na tobchumadóireachta" Nua-Eabhrac, áit a raibh sí ar ardán ag UCB (Upright Citizens’ Brigade).[1]
Tá an t-ardán siúlta aice ag féilte ar nós Fhéile na Gealaí, na Picnice Leictrí, Funny Focail Fhéile Imill BhÁC, Fhéile First Fortnight, Fhéile Litríochta Idirnáisiúnta BhÁC, Féile Ghrinn Bhré, agus Fhéile Imill Dhún Éidinn.[2][3][4][5][6][7][8][9][10][11] Tá sí tar éis dhul i mbun feachtasaíochta go háitiúil freisin ar son an Ghaeloideachais.[12]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh diagnóis go bhfuil NEAH (Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta) ar Ní Éideáin sa bhliain 2022. Deir sí nach dtuigtear i gceart an riocht céanna go minic, go háirithe mar a bhaineann sé le cailíní agus le mná.[1][13][14][15]
Dopa-Mean Girl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is dráma aonair grinn dátheangach é Dopa-Mean Girl.[16] Leagan péacach ard-fhuinnimhe atá ann de scéal dhiagnóis Ní Éideáin le NEAH agus í ina duine fásta.[1]
Díoladh amach gach ticéad dá léiriú mar chuid d'Fhéile Imill BhÁC 2023.[16][6][13] Moladh é as a ghreann,[17] as a chur i láthair ionraic ó chroí,[9] agus as nuálaíocht agus beocht.[10][11] Léiríodh an duaisdhráma seo in a bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla fite fuaite mar chuid de líon nach beag d'fhéilte in Éirinn agus thar lear araon thar tréimhse de bhlianta.[10][11]
PerfectionisTÁ
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Ní Éideáin seó dátheangach nua ar an stáitse i bhFéile Imill BhÁC 2025 in Amharclann Scabhat Smock. Scig-sheimineár féinchabhrach ceolmhar atá ann "agus spraoi á bhaint as na hiarrachtaí a dhéanann daoine le bheith foirfe."[18][19]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: dopameangirl.ie [nóta 1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Henrietta McKervey (09 Meán Fómhair 2023). "‘Anyone who knows me didn’t look a bit surprised when they heard I’d been diagnosed with ADHD’". The Irish Times. Dáta rochtana: 05 Deireadh Fómhair 2025.
- ↑ "Sceideal an Phubaill Gaeilge ag Electric Picnic". NÓS (2022-09-02). Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ Rút Ní Theimhneáin (2022-06-16). "Vibeanna gan fadhbanna ag Féile na Gealaí". NÓS. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ "Funny Focail" (as Béarla ⁊ Gaeilge). Eventbrite. Dáta rochtana: 30 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ Féile Grinn Bhré. "Frank Duff's presents Funny Focail at Bray Comedy Festival" (as Béarla). Eventbrite. Dáta rochtana: 2026-01-31.
- 1 2 "DOPA-MEAN GIRL" (as Béarla). First Fortnight. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-23. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ "Gal-gáireach: Comedy as Gaeilge" (as Béarla ⁊ Gaeilge). Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath (2023-04-12). Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ "Gal-gáireach: Comedy as Gaeilge" (as Béarla ⁊ Gaeilge). Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath (2025-04-02). Dáta rochtana: 2025-10-15.
- 1 2 The Reviews Hub- Ireland (2023-09-16). "Dopa-Mean Girl - Smock Alley Theatre, Dublin" (as Béarla). The Reviews Hub. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- 1 2 3 Steve H (8 Lúnasa 2025). "Louisa Ní Éideáin – Dopa-Mean Girl! 4**** - One4Review" (as Béarla). one4review. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
- 1 2 3 Rachael Davies (2025-08-04). "Edinburgh Fringe Review: DOPA-MEAN GIRL at Just the Tonic at The Caves" (as Béarla). Theatre Weekly. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ "Tionól ‘géarchéime’ i mBéal Feirste le haird a tharraingt ar fhadhbanna na Gaeilge". Tuairisc.ie (2025-05-28). Dáta rochtana: 2025-10-15.
- 1 2 Louisa Ní Éideáin (30 Aibreán 2024). "Dopa-Mean Girl: Louisa Ní Eideáin's life as an artist with ADHD" (as Béarla). RTÉ. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
- ↑ Louisa Ní Éideáin (2023-09-16). "My life with ADHD: 'I'm so grateful for the diagnosis, I now have a user guide to myself'" (as Béarla). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ Amy Donohoe (2023-09-08). "5 things you need to see at Dublin Fringe Fest this month" (as Béarla). independent.ie. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- 1 2 "Dopa Mean Girl" (27 Lúnasa 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2024.
- ↑ Margaret O'Connor (25 Feabhra 2025). "Something For The Weekend: Margaret O'Connor's cultural picks" (as Béarla). RTÉ. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
- ↑ "‘Jó Johnny Joe’ sraith nua ar RnaG, ‘Amhráin Áine’ le seoladh, sraith nua físeán do pháistí bunscoile, podchraoladh nua faoin gcoladh". Tuairisc.ie (2025-09-12). Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ "Perfectly composed" (14 Meán Fómhair 2025). Sunday Independent (Ireland): lch 7.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-27. Dáta rochtana: 2024-08-27.
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |