Jump to content

Loscadh Thúr Grenfell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh Thúr Grenfell
Íomhá
Map
 51° 30′ 50″ N, 0° 12′ 57″ O / 51.514021°N,0.215752°W / 51.514021; -0.215752
Cineáltine ilstórach-spéire
tubaiste Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Meitheamh 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGrenfell Tower, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cúiscuisneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna72 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe74 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingrenfelltowerinquiry.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#GrenfellTower Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla Loscadh Thúr Grenfell[1] ar an 14 Meitheamh 2017, in Kensington Thuaidh, Londain, an tine ba mheasa in áras cónaithe ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Maraíodh 72 duine, agus gortaíodh 74 duine, nuair a chuaigh an túr árasáin, 24 stór ar airde, in iarthar chathair Londain (in aice stáisiún traenach Latimer Road) trí thine.[2][3]

Tine Thúr Grenfell
Físeán: filíocht agus cuimhneachán

Tógadh an túr i gceantar saibhir sa bhliain 1974. Bhí 120 árasán ann, ar 24 urlár.[4]

Bhí ráite ag an gcomhlacht bainistíochta a bhí ag plé leis an mbloc árasán go raibh siad ar an eolas faoi “imní” a bheith ar dhaoine a bhí ina gcónaí ann faoi bhaol tine. Agus is é an rud is iontaí fós, lorg ball de bhord stiúrtha an chomhlachta fiosrúchán neamhspleách faoi shábháilteacht na n-árasán nuair a rinneadh athchóiriú ar an túr i mí an Mhárta 2017.[5]

Ar an 14 Meitheamh 2017, cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáin go gairid roimh 1am agus tháinig 40 briogáid dóiteáin agus 200 fear dóiteáin ar an láthair. Bhí na céadta duine sa bhloc árasán nuair a thosaigh an tine [5]

Thosaigh an chéad seisiún éisteachtaí phoiblí faoin loscadh ar an 7 Meán Fómhair 2017, faoi Chathaoirleacht Martin Moore-Bic.

Príomh-aire na Breataine, Theresa May a bhunaigh Fiosrúchán Grenfell tráth a raibh cáineadh go leor á dhéanamh uirthi mar gheall ar an gcaoi ar láimhseáil sí an tragóid.[6]

De réir tuarascáil a foilsíodh i 2019, fabht leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár a chuir tús leis an tine.

Ach ba é an cumhdach ar éadan an fhoirgnimh a chuir scaipeadh sciobtaí ar an tine. Cuireadh na painéil seo ar éadan an fhoirgnimh mar insliú agus mar chuid d'athchóiriú ar dhealramh an túir i 2016.[2]

De réir tuarascáil a foilsíodh i 2024, faillí rialtais, comhlachtaí tógála agus go háirithe faillí na gcomhlachtaí a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell ba chúis leis an tine. Ar na comhlachtaí a bhí freagrach as cothabháil agus athchóiriú an túir, ar na húdaráis áitiúla agus náisiúnta a bhí faillíoch agus ar na comhlachtaí a mhaígh go raibh an cumhdach sábháilte nuair a bhí sé inlasta. Ach bhí cáineadh ann freisin ar an rialtas, ar údaráis áitiúil Kensington agus Chelsea, ar an mbriogáid dóiteáin a bhí faillíoch faoi shábháilteacht tine in mblocanna arda dá leithéid.[2]

Ón uair a bhí an tine ann, tá daoine a tháinig slán ón tine chomh maith le muintir na marbh ag iarraidh go gcuirfí an dlí orthu siúd a bhí freagrach as an tine. Dúirt na póilíní sa bhliain 2024 go bhfuil 58 duine agus 19 comhlacht agus foras faoi iniúchadh. Ach dúirt na póilíní go bhfuil an t-iniúchadh thar a bheith casta.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Grenfell Tower
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-09-04). "Locht ar an rialtas agus an earnáil tógála faoi thine Grenfell" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2017-06-15). "Baol nach n-aithneofar gach íospartach - Ceannfort Póilíní" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2017-06-14). "12 básaithe agus na scórtha leonta de bharr dóiteáin i Londain" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 "Imní léirithe roimhe seo faoi bhaol tine sa bhloc árasán a dódh aréir i Londain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-06-14). Dáta rochtana: 2024-09-05.
  6. Nuacht RTÉ (2017-09-14). "Tús le h-éisteachtaí fhiosrúcháin Thúr Grenfell inniu" (as en).