Lollardachas
Ainmnithe in ómós | Walter Lollard |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | gluaiseacht reiligiúnach eiriceacht |
Stair | |
Bunaitheoir(í) | John Wycliffe |
Tréimhse ama | an Mheánaois |
Ba ghluaiseacht reiligiúnach Críostaí próta-Phrotastúnach é an Lollardachas, a bhí ann ó lár an 14ú haois go dtí Reifirméisean Sasanach an 16ú haois. Ba é John Wycliffe,[1] diagaire Caitliceach a briseadh as Ollscoil Oxford sa bhliain 1381, mar gheall ar cháineadh na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, a bhí i gceannas air ar dtús. Bhí éilimh na Lollardach go príomha le haghaidh athchóiriú na Críostaíochta Thiar. Chuir siad a gcreideamh i dtoll a chéile ins an téacs reiligiúnach 'The Twelve Conclusions of the Lollards ' (Gaeilge: Dhá Chonclúid Déag na Lollardach.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lollard, Lollardi, nó Loller an leasainm dímheasúil coitianta a thugtar dóibh siúd gan chúlra acadúil, a raibh oideachas orthu (más ann ar chor ar bith) i mBéarla amháin, a raibh sé de cháil orthu teagasc John Wycliffe ach go háirithe a leanúint, agus is cinnte gur spreag aistriúchán an Bhíobla go Béarla iad go mór. Faoi lár an 15ú haois, bhí an focal "lollard" ar comhchiall i gcoitinne le 'eiriceach'. Glactar leis go ginearálta gur téarma níos neodraí é an rogha eile, "Wycliffite" (Gaeilge: "Wycliffíteach", a chlúdaíonn na tuairimí céanna ach a bhfuil cúlra acadúil acu.
Deirtear gurbh é an cléireach Angla-Éireannach Henry Crumpe a chum an téarma Béarla, ach níltear cinnte faoina bhunús. Tarlaíonn an úsáid oifigiúil is luaithe den ainm i Sasana sa bhliain 1387, i sainordú Easpag Worcester, i gcoinne cúigear "seanmóirí bochta", nomine seu ritu Lollardorum confoederatos.[2] De réir an Oxford English Dictionary, is dócha go dtagann sé ón Meán-Ollainnis lollaerd , ón bhriathar lollen ("ag monabhar"). Tá an focal i bhfad níos sine ná a úsáid Béarla; bhí Lollardaigh san Ísiltír ag tús an 14ú haois a bhí comhchosúil leis na Fraticelli, Bégaird, agus seicteanna eile ar nós na bProinsiasach séantach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Roberts, Chris (2006), Heavy Words Lightly Thrown: The Reason Behind Rhyme, Thorndike Press, ISBN 0-7862-8517-6.
- ↑ 2.0 2.1 Teimpléad:EB1911