Jump to content

Log na Sionna

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLog na Sionna
(ga) Log na Sionna Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie105065 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraíÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 14′ 05″ N, 7° 55′ 08″ O / 54.2348°N,7.919°W / 54.2348; -7.919
EisilteachAn tSionainn Cuir in eagar ar Wikidata

Is loch i gContae an Chabháin é Log na Sionna.[1] Is as a thagann an tSionainn. Doire Leathan atá ar an mbaile fearainn a bhfuil sé ann, agus níl sé i bhfad ón Damhshraith, ón mBlaic ná ó Ghleann Ghaibhle. Tá sé ceangailte le linnte eile, péire i gContae Fhear Manach ina measc. 16 méadar (52 troigh) ar leithead atá an linn seo agus tumadh 14.6 méadar (48 troigh) síos inti cheana.

Tá tagairt do Log na Sionna i ndán a chum Giolla na Naomh Ó hUiginn thart ar 1349 agus atá le fáil i Leabhar Mhéig Shamhradháin: "Innte a-tá an tiobra as dtig Sionann/sruth as uaisle i n-Inis Fháil" (Inti atá an tobar as a dtagann an tSionainn, sruth is uaisle in Inis Fáil). I 1971 a rinne taiscéalaíocht istigh sa Log den chéad uair. Thum Roger Solari agus John Elliot 6 mhéadar síos ann. I 2008 agus 2009, chuaigh Alasdair Kennedy agus Paul Doig, agus Artur Kozłowski ina ndiaidh sin, níos faide síos ann agus fuair siad uaimh a raibh sruth láidir uisce ag teacht aníos tríd an urlár inti.

De réir an tseanchais, is iníon le Manannán mac Lir a bádh sa linn seo is bunús le hainm na Sionainne. Tháinig sí go dtí an áit gan chead le torthaí a ithe ó chrann a bhí curtha ag na draoithe, agus shreabh uisce na habhann amach nuair a bádh í.[2]

  1. Log na Sionna/Shannon Pot | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. Meehan, Cary (2004). "Sacred Ireland". Somerset: Gothic Image Publications.