Loch Champlain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Champlain
(abe) Pitawbagw
(mis) Kaniatarakwà:ronte
Lake Champlain by Sentinel-2.jpg
CineálLoch
EapainmSamuel de Champlain
Suíomh
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaQuébec
Réigiún riaracháin in QuébecMontérégie (en) Aistrigh
Map
 44°32′N 73°20′W / 44.53°N 73.33°W / 44.53; -73.33Comhordanáidí: 44°32′N 73°20′W / 44.53°N 73.33°W / 44.53; -73.33
Craobh-aibhneacha
EisilteachAbhainn Richelieu
AbhantrachLake Champlain basin (en) Aistrigh
Tréithe
Airde30 m
Doimhneacht uasta122 m
Toisí23 (leithead) × 201 (fad) km
Imlíne945 km
CrosStáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada

Loch nádúrtha fionnuisce i Meiriceá Thuaidh is ea Loch Champlain (Béarla: Lake Champlain, Fraincis: lac Champlain). Tá an chuid is mó den loch suite i stáit Nua-Eabhrac agus Vermont sna Stáit Aontaithe, ach tá an chuid is faide chun tuaiscirt i gCúige Québec i gCeanada. Tá an loch ainmnithe i ndiaidh Samuel de Champlain, an taiscéalaí Francach a tháinig ar an loch sa bhliain 1609.

Geolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Champlain 1,269 ciliméadar cearnach (490 míle cearnach) d’achar. Tá sí amuigh is istigh ar 201 km (125 míle) ar fad agus 23 km (14 míle) trasna ag an bpointe is leithne. 400 troigh (120 méadar) an pointe is doimhne sa loch. Tá an loch idir 95 agus 100 troigh (29 go 30 m) os cionn meánleibhéal na farraige, ag brath ar an séasúr.

Téann stair na locha 20,000 bliain siar go deireadh na hoighearaoise deireanaí. Tá Loch Champlain suite i nGleann Champlain, agus é seo á thaoscadh ag an loch. Taoscann an Abhainn Richelieu an loch féin ó thuaidh isteach san Abhainn San Labhrás. Is cuid den Ghleann Mór Apaláiseach é Gleann Champlain, a shíneann ó Alabama san iardheisceart go Gleann na Saint Lawrence.