Jump to content

Listéire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoListéire
Listeria Cuir in eagar ar Wikidata

Listeria monocytogenes Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dheimhneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtBacillati
FíleamBacillota
AicmeBacilli
OrdCaryophanales
FineListeriaceae
GéineasListeria Cuir in eagar ar Wikidata
Harvey Pirie, 1940
Cineál tacsanomaíochListeria monocytogenes Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósJoseph Lister Cuir in eagar ar Wikidata

Is saghas baictéar í listéire (listeria monocytogenes),[1][2] slatchruthach de ghnáth, nach bhfuil a n-ionad tacsanomaíoch soiléir fós. De réir cineáil, inghluaiste agus lascnaidí ag titim i ndiaidh a mullach mar ghluaiseacht shainiúil acu. Fásann siad go maith nuair nach bhfuil ach beagán ocsaigine ar fáil. Cuireann cineálacha díobh tús le bia-nimhiú.[3]

Galrú tromchúiseach is ea listéaróis a dtagann buinneach, masmas agus urlacan ar dhaoine dá bhíthin. Goilleann sé ar pháistí agus ar mhná atá ag súil le páiste go háirithe.[4]

Sa bhliain 2025 bhásaigh duine fásta in Éirinn leis an ionfhabhtú baictéarach listéaróis agus bhí an galar ar naonúr eile. Bhain an scéal le béilí réamhdhéanta a rinneadh in ionad an chomhlachta Ballymaguire Foods. Aisghaireadh na béilí.

Cúpla lá níos déanaí, bhí 7 dtáirge spionáiste agus bileoga measctha sailéad aistarraingthe de bharr gur haimsíodh an baictéar listéire iontu. Tarraingíodh siar táirgí ag an gcuideachta McCormack Family Farms agus na brandaí Tesco Mild Spinach agus Egan's Irish Baby Spinach.[5]

Rinne Lárionad Faire um Chosaint Sláinte fiosrú (rannóg de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte).[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. “listéire” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-05.
  2. i mBéarla, listeria
  3. Hussey, Matt (2011). "Listéire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 414.
  4. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-07-23). "Duine básaithe le listéaróis, béilí réamhdhéanta aisghairthe" (as ga-IE).
  5. Nuacht RTÉ (2025-07-28). "Contúirt listéire agus 7 dtáirge sailéad aistarraingthe" (as ga-IE).