Lionsa leathanuillinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lionsa le réimse leathan san uillinn glactha, ní hionann is an gnáthlionsa a bhíonn feistithe i gceamara. Bíonn a fhad fócasach níos lú ná trasnán an scannáin a bhíonn in úsáid sa cheamara. Sa ghnáthlionsa bíonn uillinn glactha timpeall 52°, i lionsa leath-leathanuillinne 55-65°, i lionsa leathanuillinne 65-80°, agus i lionsa fíorleathanuillinne 80-110°.