Liam Ó Maolruanaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Ó Maolruanaidh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Meán Fómhair 1873
Bás27 Bealtaine 1901
27 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata

Náisiúnaí, athbheochanóir teanga, iriseoir agus file ba ea Liam Ó Maolruanaidh (29 Meán Fómhair 18736 Bealtaine 1901) nó Liam Ó RuanaidhWilliam Rooney nó "Fear na Muintire".[1] Ba ea é 'an tÉireannach ba mhó dár casadh riamh air', a dúirt le hArt Ó Gríofa.[2] Ach ní raibh sé ach 27 bliain d'aois nuair a bhuail an eitinn é.

Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó thús, é i láthair ag an mórchomhdháil a bhí acu 27 Márta 1894. Ansin nuair a bunaíodh Cumann na nGael i 1900[3] ba é Liam a ceapadh ina chisteoir ag an gcéad chruinniú. Céim eile i dtreo Shinn Féin a bhí ann agus bealach le náisiúnaithe den uile dhath a thabhairt le chéile.

Dúirt Seán T. Ó Ceallaigh[4]: ‘Bhí aithne mhaith agamsa ar Ó [Maol]Ruanaidh freisin agus déarfainn an rud céanna. Thug sé deich mbliana dá shaol ag obair ar son na hÉireann gan stad, gan staonadh, ag scríobh, ag labhairt, ag múineadh. Bhí intleacht den chéad scoth aige agus thug sé suas í do chúis na hÉireann – don tsaoirse, don teanga, don drámaíocht, agus don chultúr dúchais’.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "William Rooney". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2020-05-06.
  2. "Ó MAOLRUANAIDH, Liam (1873–1901)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-05-06.
  3. Bhunaigh Art Ó Gríofa eagraíocht darbh ainm Cumann na nGaedhael sa bhliain 1900. Sa bhliain 1905, chuaigh an cumann seo agus a lán eagraíochtaí eile le chéile le Sinn Féin a bhunú.
  4. O' Conluain Proinsias (1963). ""Sean T" by O' Ceallaigh Sean T" (ga). www.abebooks.co.uk. FNT. Dáta rochtana: 2020-05-06.