Lexington, Massachusetts

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teach Tábhairne Buckman in Lexington. In 1690 a tógadh é.

Baile mór i gContae Middlesex, in oirthear Massachusetts, sna Stáit Aontaithe, is ea Lexington. Bunaíodh an baile sa bhliain 1641. Tá clú ar Lexington mar an áit inar scaoileadh na chéad urchair le linn Réabhlóid Mheiriceá: tharla Cath Lexington ar 19 Aibreán 1775. Déantar comóradh ar Chathanna Lexington agus Concord i Massachusetts gach bliain ar Lá na dTírghráthóirí (Patriots Day) ar an 3ú Luan de mhí Aibreáin.

Sa bhliain 2010 bhí 31,394 duine ina gcónaí in Lexington in 11,100 teaghlach. Tháinig rath ar Lexington sna 1960idí agus 1970idí, go príomha mar thoradh ar fhorbairt na gcomhlachtaí ardteic ar feadh Rúta 128 sna blianta úd. Fobhaile sách rachmasach de Bhostún atá ann anois.