Lester Piggott

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLester Piggott

(1955) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Samhain 1935
Wantage, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Bealtaine 2022
86 bliana d'aois
An Ghinéiv, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmjacaí, traenálaí capall Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1945 –
TeangachaBéarla
Spórtspórt eachaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
AthairKeith Piggott  agus Iris Rickaby
Ciontaíodh icalaois chánach (1987) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm3106292 Cuir in eagar ar Wikidata

Jacaí Sasanach ba ea Lester Piggott (5 Samhain 1935 - 29 Bealtaine 2022). Bhuaigh sé an Epsom Derby (9 -n-uaire), an Oaks (6), Rásaí na nGiní (7) agus an St. Leger (8).

1955

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plaic in Epsom

Sa mbliain 1793 a saolaíodh a shin-sin-seanathair (ó thaobh a mháthar) John Barham Day a bhuaigh 12 rás Clasaiceach mar mharcach agus seacht gcinn mar thraenálaí idir 1838 agus 1854.[1]

Bhí a shliocht ón taobh eile beagnach chomh cáiliúil céanna – stáblaí ag a athair mór Ernie Piggott (1878-1967) in Oxfordshire agus ag athair Lester, Keith, in Lambourn.

Plaic in Haydock[2]

Leis an léimrásaíocht ba mhó a bhíodh an bheirt sin luaite. Trí huaire a bhí Ernie ar mhuing capaill a bhuaigh an Grand National. Bhuaigh Keith Piggott Champion Hurdle mar mharcach i 1939 agus ba é a thraenáil Ayala, buaiteoir an National i 1963.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

1.73m ar airde a bhí Piggott agus chaith sé an chuid eile dá shaol marcaíochta ag troscadh agus ag seargadh. Bhí a stíl féin aige agus é sa diallait, a thóin níos airde san aer ná mórán chuile mharcach eile.

Ní raibh Piggott ach 12 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé rás den chéad uair agus sé bliana lena chois sin nuair a bhuaigh sé an Derby i 1954.[1]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Piggot blianta ina mharcach-stábla ag Vincent O’Brien i mBaile Dúill i gcontae Thiobraid Árann, san áit a raibh Aidan O’Brien níos déanaí. Ba é an Brianach a thraenáil cuid mhaith de na capaill a bhuaigh rásaí móra Shasana do Piggott mar aon le cúíg Derby agus na déaga de rásaí clasaiceacha. Tháinig Piggot ag iomaíocht chuig traiceanna beaga in Éirinn chomh maith.[1]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sprionlóir amach agus amach ab ea Piggot, tréith ar íoc sé go daor as nuair a chaith sé bliain i bpríosún siocair nach raibh a chuid cánach íoctha aige mar ba chóir.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Mártan Ó Ciardha (5 Mei. 2022). "Bhí na ‘pórlínte’ go maith ag an sármharcach Lester Piggott" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  2. "Haydock Park" (en-gb). www.thejockeyclub.co.uk. Dáta rochtana: 2022-06-05.