Lemony Snicket

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLemony Snicket

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar liteartha
duine ficseanúil
carachtar teilifíse
scríbhneoir ficseanúil
carachtar scannáin
ainm cleite Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agDaniel Handler Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agJude Law agus Patrick Warburton Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharA Series of Unfortunate Events, Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events agus A Series of Unfortunate Events Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathagrianghrafadóir, scríbhneoir agus scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Breith28 Feabhra 1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MuintirMuintir Snicket Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníJacques Snicket agus Kit Snicket Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
ComhionannDaniel Handler Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: lemonysnicket Musicbrainz: 3d2d48e9-7607-45dc-9c20-07b0183f2b7e Songkick: 508114 Discogs: 1300417 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ainm cleite a úsáideann an t-úrscéalaí Meiriceánach Daniel Handler é Lemony Snicket.[1][2] Tá go leor leabhar do pháistí foilsithe ag Handler faoin ainm seo,[3] agus bhí an-éileamh ar roinnt acu, go háirithe A Series of Unfortunate Events — díoladh níos mó ná 60 milliún cóip de na leabhair sa tsraith seo, agus cuireadh scannán amach in 2004 bunaithe ar na leabhair, chomh maith le sraith theilifíse idir 2017 agus 2019. Is reacaire ficseanúil agus carachtar in A Series of Unfortunate Events é Lemony Snicket,[4] agus is é an príomhcharachtar sa tsraith réamhscéil dar teideal All the Wrong Questions chomh maith.

In A Series of Unfortunate Events, iniúchann agus aithrisíonn Snicket scéal na ndílleachtaí Baudelaire.[4] Tá an tsraith All the Wrong Questions scríofa mar bhréag-dhírbheathaisnéis, agus leanann sé Snicket trína óige agus a phrintíseacht leis an V.F.D. (Volunteer Fire Department).[5]

Is é Lemony Snicket ábhar na dírbheathaisnéise ficseanúla Lemony Snicket: The Unauthorized Autobiography agus paimfléad dar teideal 13 Shocking Secrets You’ll Wish You Never Knew About Lemony Snicket (a cuireadh amach mar fheachtas margaíochta leis an leabhar The End).[6] I measc saothar eile a scríobh Handler faoin ainm Snicket, tá The Baby in the Manger, The Composer Is Dead, Horseradish: Bitter Truths You Can't Avoid, The Latke Who Couldn't Stop Screaming, The Lump of Coal, agus 13 Words.

Sa scannán A Series of Unfortunate Events, is é Jude Law a rinne páirt Lemony Snicket,[7] agus déanann an carachtar taifead ar imeachtaí an scannáin ar chlóscríobhán taobh istigh de chlogás.[8] San fhíschluiche atá bunaithe ar an scannán, is é Tim Curry a ghuthaíonn Lemony Snicket. Sa tsraith theilifíse Netflix, is é Patrick Warburton a dhéanann an pháirt.[9]

Tá a chúlscéal féin ag Lemony Snicket sa tsraith A Series of Unfortunate Events. Deirtear go raibh deartháir amháin (Jacques) agus deirfiúr amháin (Kit) aige. Bhí Jacques (a dúnmharaíodh in The Vile Village) agus Kit ina mbaill den V.F.D. agus ina gcairde le tuismitheoirí na ndílleachtaí Baudelaire freisin. Bhí aithne ag Lemony Snicket ar an gCunta Olaf go luath ina shaol, toisc go raibh siad ar scoil le chéile. Agus é ina ghasúr, fuadaíodh Snicket agus insealbhaíodh é mar “núíosach” sa V.F.D., áit ar cuireadh oiliúint air sa reitric agus cuireadh é ar mhisin nach raibh aon chiall ná réasún leo. Briseadh gach nasc lena shaol roimh an V.F.D., seachas lena shiblíní Jacques agus Kit. D'fhreastail Snicket ar scoil chónaithe a bhí faoi stiúir an V.F.D. ina óige in éineacht le roinnt carachtar eile ón tsraith. Fuair sé teagasc i gceanncheathrú V.F.D. i Sléibhte Mortmain níos déanaí, agus fuair sé post le nuachtán darb ainm The Daily Punctilio tar éis dó céim a bhaint amach. Bhí sé ina léirmheastóir amharclainne agus sheiceáil sé an litriú sna scéalta báis.

Tháinig an t-ainm Lemony Snicket as taighde a rinne Handler ar a chéad leabhar The Basic Eight. Bhí sé ag iarraidh ábhar a fháil ó eagraíochtaí a bhí “maslach nó greannmhar” ina thuairim, ach ní raibh sé ag iarraidh a fhíorainm a úsáid, agus dá bharr sin cheap sé “Lemony Snicket” mar ainm cleite.[10] Deir Handler gur dócha gur “sciorradh Freudach” é aon chosúlacht idir an t-ainm Lemony Snicket agus “Jiminy Cricket”. Tá lámh ag Handler i saothair eile a foilsíodh faoin ainm Lemony Snicket nach mbaineann leis A Series of Unfortunate Events freisin. Tá sé ráite aige “go bhfuil seans ann go dtarraingeoidh ábhair eile aird an Uasail Snicket, go bhféadfaidh sé taighde a dhéanamh orthu agus iad a fhoilsiú, ach bím faichilleach i gcónaí ar gheallúintí dá leithéid a dhéanamh”.[11]

Foilsíonn Handler an chuid is mó dá úrscéalta do pháistí faoin ainm cleite Lemony Snicket, lena n-áirítear na trí leabhar déag sa tsraith A Series of Unfortunate Events, na ceithre leabhar sa tsraith All the Wrong Questions, The Baby in the Manger, The Composer Is Dead, Horseradish: Bitter Truths You Can't Avoid, The Latke Who Couldn't Stop Screaming, The Lump of Coal, agus 13 Words.[6][12][3][13]

Scríobh Handler réamhrá agus iarnótaí faoin ainm Lemony Snicket do The Bears' Famous Invasion of Sicily, an leabhar do pháistí is ansa leis,[14] ina ndearna sé tagairt do A Series of Unfortunate Events. Tá réamhrá agus gearrscéal gan chríochnú luaite le Lemony Snicket in Noisy Outlaws, Unfriendly Blobs, and Some Other Things That Aren't as Scary, Maybe, Depending on How You Feel About Lost Lands, Stray Cellphones, Creatures from the Sky, Parents Who Disappear in Peru, a Man Named Lars Farf, and One Other Story We Couldn't Quite Finish, So Maybe You Could Help Us Out, díolaim gearrscéalta a d'fhoilsigh McSweeney's in 2005.[15]

Scríobh Snicket The Composer Is Dead freisin, scéal dúnmharaithe a dearadh chun uirlisí na ceolfhoirne a chur in aithne do léitheoirí óga; léiríodh é mar shaothar ceolfhoirne ag Ceolfhoireann Shiansach San Francisco, le Handler ag aithris mar Lemony Snicket. Cuireadh taifead den seó san áireamh le gach cóip den leabhar.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cruz, Lenika (2014-10-23). “The Postmodern Brilliance of "A Series of Unfortunate Events"” (en-US). The Atlantic. Dáta rochtana: 2020-03-18.
  2. Daniel Handler | Biography, Books, & Facts” (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-03-18.
  3. 3.0 3.1 "'Who Could That Be at This Hour?': Lemony Snicket's new book discusses his childhood". Christian Science Monitor (2012-10-19). Dáta rochtana: 2020-03-18.
  4. 4.0 4.1 Eloise, Marianne (2019-10-03). "Wicked wonder: Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events at 20" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-03-18.
  5. Healy, Christopher (2012-10-12). "Unsolved Mysteries" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2020-03-18.
  6. 6.0 6.1 Beckett, Sandra L. (2010-11-24). "Crossover Fiction: Global and Historical Perspectives" (in en): 156. Routledge. ISBN 978-1-135-86130-8. 
  7. Patrick Warburton to Star as Lemony Snicket in Netflix Drama” (en). The Hollywood Reporter (14 Márta 2016). Dáta rochtana: 2020-03-19.
  8. Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events (PG)” (en). The Independent (2004-12-19). Dáta rochtana: 2020-03-19.
  9. Fortunately, Netflix's 'Lemony Snicket' is a hoot” (en-US). The Boston Globe. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  10. The Beatrice Interview, beatrice.com. Dáta rochtana: 14 Eanáir 2016.
  11. "Newsround interviews Lemony Snicket". BBC News (30 Bealtaine 2006). Dáta rochtana: 7 Bealtaine 2010.
  12. "The Sunday Conversation: With Daniel Handler". Los Angeles Times (20 Meitheamh 2010). Dáta rochtana: 16 Aibreán 2018.
  13. Faust, Susan (2010-09-26). “'13 Words,' by Lemony Snicket”. SFGate. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  14. Q&A with Daniel Handler (a.k.a. Lemony Snicket), Bestselling Novelist and Upcoming Speaker at Rutgers University | Continuing Education News Center”. cenewscenter.rutgers.edu. Dáta rochtana: 16 Aibreán 2018.
  15. All this, and Lemony Snicket too” (en-US). Los Angeles Times (2005-12-18). Dáta rochtana: 2020-03-19.