Jump to content

Leictrealú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Leictriliú)
Léaráid de ghaireas leictrelaithe Hofmann a úsáideadh i saotharlann scoile

Sa cheimic agus sa déantúsaíocht, is teicníc í an leictrealú a úsáideann sruth leictreach díreach (DC) chun imoibriú ceimiceach a thiomáint, a bhéas seachas sin neamh-spontáineach. Tá tábhacht ó thaobh na tráchtála de ag baint leis an leictrealú, mar chéim i ndeighilt na ndúl ó fhoinsí a tharlaíonn go nádúrtha ar nós mianta ag baint úsáide as cill leictrealaíoch. Tugtar an poitéinseal dianscaoilte. ar an voltas atá ag teastáil le go dtarlódh leictrealú. Ciallaíonn an tearma "leictrealú" "miondealú trí leictreachas".

Ba é Michael Faraday a thug isteach an focal "electrolysis" (nó 'leictrealú' sa Ghaeilge) " sa bhliain 1834,[1] ag baint úsáide as na focail Ghréigise ἤλεκτρον lektron "ómra ", a raibh baint acu leis na feiniméin leictreacha ón 17ú haois i leith, agus λύσις lýsis a chiallaíonn "tuaslagaíocht". Mar sin féin, téann an leictrealú, mar uirlis chun staidéar a dhéanamh ar imoibrithe ceimiceacha agus chun eilimintí íon a fháil, siar roimh an téarma s bheith ceaptha go foirmiúil ag Faraday.

I dtús na naoú haoise déag, d'fhéach William Nicholson agus Anthony Carlisle le turgnaimh Volta a chur chun cinn. Cheangail siad dhá shreang leis an dá thaobh de charn voltach agus chuir siad na foircinn eile i bhfeadán a bhí líonta le huisce. Thug siad faoi deara nuair a tugadh na sreanga le chéile gur tháirg gach sreang boilgeoga. Ba hidrigin cineál amháin, ocsaigin an ceann eile.[2]

Sa bhliain 1785, chruthaigh eolaí Ollannach darbh ainm Martin van Marum gineadóir leictreastatach a d'úsáid sé chun stán, since agus antamón a dí-ocsaídiú óna salainn ag baint úsáide as próiseas ar a dtugtar leictrealú ina dhiaidh sin. Cé gur tháirg sé leictrealú i ngan fhios dó féin, ní go dtí 1800 nuair a fuair William William Nicholson agus Anthony Carlisle amach conas a oibríonn an leictrealú. [3]

Sa bhliain 1791 chinn Luigi Galvani turgnamh le cosa frog. Mhaígh sé go raibh leictreachas mar thoradh ar mhatán ainmhithe a chur idir dhá bhileog mhiotail neamhionanna. Ag freagairt do na héilimh seo, rinne Alessandro Volta a chuid tástálacha féin.[4][5] Thabharfadh sé seo léargas ar smaointe Humphry Davy maidir le leictrealú. Le linn réamhthurgnaimh, thug Humphry Davy an hipitéis seo faoi; nuair a chuingríonn dhá dhúil le chéile chun comhdhúil a dhéanamh, scaoiltear fuinneamh leictreach. Rachadh Humphry Davy ar aghaidh chun Táblaí Díscaoilteacha a chruthú óna réamhthurgnaimh ar an leictrealú. Thabharfadh na Táblaí Díscaoilteacha léargas ar na fuinneamh a theastaíonn chun comhdhúile áirithe a bhriseadh óna chéile.[6]

Sa bhliain 1817 chinn Johan August Arfwedson go raibh dúil eile, litiam, i gcuid dá shamplaí; ní fhéadfadh sé an chomhdhúil a aonrú, áfach. Ní go dtí 1821 a d'úsáid William Thomas Brande leictrealú chun é a aonrú. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuíchóirigh sé an próiseas ag baint úsáide as clóiríd litiam agus clóiríd photaisiam le chéile le leictrealú chun litiam agus hiodrocsaíd litiam a tháirgeadh.[7][8]


Sna blianta ina dhiaidh sin de thaighde Humphry Davy, rinneadh Michael Faraday ina chúntóir aige. Agus é ag déanamh staidéir ar bpróiseas an leictrealaithe faoi Humphry Davy, d'aimsigh Michael Faraday dhá dhlífaoi leictrealú.

Le linn aimsir Maxwell agus Faraday, tháinig imní faoi ghníomhaíochtaí leictridhearfacha agus leictridhiúltachta.[9]

I mí na Samhna 1875, d'aimsigh Paul Émile Lecoq de Boisbaudran gailliam ag baint úsáide as leictrealú hiodrocsaíd ghailliam, ag táirgeadh 3.4 mg de ghailliam. An Nollaig ina dhiaidh sin, chuir sé a fhionnachtain ar ghailliam i láthair an Académie des sciences i bPáras.[10]

Ar an 26 Meitheamh, 1886, ar deireadh mhothaigh Ferdinand Frederick Henri Moissan compordach ag déanamh leictrealú ar fhluairíd hidrigine ainhidriúil chun dúil íon fluairín gásach a chruthú. Sular bhain sé úsáid as fluairíd hidrigine, d'úsáid Henri Moissan salainn fluairíde in éineacht le leictrealú. Mar sin ar an 28 Meitheamh, 1886, rinne sé a thurgnamh os comhair an acadaimh ,an Académie des sciences chun a fhionnachtain an dúil nua a thaispeáint.[11] Agus iad ag iarraidh fluairín eiliminteach a aimsiú trí leictrealú a dhéanamh ar shalainn fluairíde, cailleadh go leor poitigéirí lena n-áirítear Paulin Louyet agus Jérôme Nicklès.[12]

Sa bhliain 1886, chomhdaigh Charles Martin Hall ó Mheiriceá agus Paul Héroult ón bhFrainc araon paitinní le haghaidh leictrealú alúmanaim, agus chuir Héroult a chuid isteach i mí na Bealtaine, agus Hall i mí Iúil.[13] Bhí Hall in ann a phaitinn a fháil trína chruthú trí litreacha chuig a dheartháir agus fianaise a theaghlaigh go bhfuarthas an modh a bhí aige sular cuireadh paitinn na Fraince isteach.[14] Tugadh próiseas Hall - Héroult air seo a chuaigh chun tairbhe do go leor tionscal, toisc gur thit praghas alúmanam ansin ó cheithre dollar go tríocha cent in aghaidh an phunt meáchain.[15]


  • 1785 – Úsáideadh gineadóir leictreastatach Martinus van Marum chun stán, since, agus antamón óna salainn a dhí-ocsaídiú, ag baint úsáide as leictrealú.[16]
  • 1800 – Dhianscaoil William Nicholson agus Anthony Carlisle (agus Johann Ritter freisin), uisce ina hidrigin agus ocsaigin.
  • 1808 – D'aimsigh Humphry Davy potaisiam (1807), sóidiam (1807), bairiam, cailciam agus maignéisiam ag baint úsáide as leictrealú.
  • 1821 – D'aimsigh an ceimiceoir Sasanach William Thomas Brande litiam, a fuair é trí leictrealú ocsaíd litiam.
  • 1834 – D'fhoilsigh Michael Faraday a dhá dhlí leictrealúcháin, thug sé míniú matamaiticiúil dóibh, agus thug sé isteach téarmaíocht ar nós leictreoid, leictrilít, anóid, catóid, ainian, agus caitian.
  • 1875 – D'aimsigh Paul Émile Lecoq de Boisbaudran gailliam ag baint úsáide as leictrealú.[17]
  • 1886 – D'aimsigh Henri Moissan fluairín ag baint úsáide as leictrealú.
  • 1886 – Forbraíodh próiseas Hall-Héroult chun alúmanam a dhéanamh.
  • 1890 – Forbraíodh próiseas Castner-Kellner chun hiodrocsaíd sóidiam a dhéanamh.


  1. "The Faraday-Whewell correspondence concerning electro-chemical terms" (1937). The Scientific Monthly 45 (6): 535–546. Bibcode1937SciMo..45..535O. 
  2. "Oxygen Evolution Reaction—The Enigma in Water Electrolysis" (as en) (5 October 2018). ACS Catalysis 8 (10): 9765–9774. doi:10.1021/acscatal.8b02712. 
  3. "Martinus van Marum - Scientist of the Day".
  4. Ihde, Aaron J. (1964). "The Development of Modern Chemistry": 125–127. Harper & Row. 
  5. "The History of Electrochemistry: From Volta to Edison" (en-US).
  6. "Humphry Davy, Poet and Philosopher" (1896). New York: Macmillan & Co., Limited. 
  7. "Lithium - periodicstats.com".
  8. "Today in Science History - January 12 - Johan August Arfwedson and Lithium".
  9. "A History of Science in Society" (2017). Toronto, Canada: University of Toronto Press. 
  10. "Rediscovery of the Elements – Gallium".
  11. Wisniak, Jaime (2018-08-26). "Henri Moissan: The discoverer of fluorine". Educación Química 13 (4): 267. doi:10.22201/fq.18708404e.2002.4.66285. ISSN 1870-8404. 
  12. "Rediscovery of the Elements- Fluorine and Henri Moissan".
  13. "ECS Classics: Hall and Héroult and the Discovery of Aluminum Electrolysis".
  14. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (as en) (1997). Oberlin, Ohio: American Chemical Society. 
  15. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en).
  16. The Supplement (1803 edition) to Encyclopædia Britannica 3rd edition (1797), volume 1, page 225, "Mister Van Marum, by means of his great electrical machine, decomposed the calces of tin, zinc, and antimony, and resolved them into their respective metals and oxygen" and gives as a reference Journal de Physiques, 1785.
  17. Lecoq de Boisbaudran P-E (1875). "On certain properties of gallium". The Chemical News and Journal of Industrial Science 32.