Leictreinceifealagrafaíocht
Cuma
Is éard is leictreinceifealagrafaíocht[1] ann ná scrúdú ghníomhaíocht leictreach na hinchinne le leictreoidí a ghreamaítear leis an gcloigeann, a thaifeadtar de ghnáth mar rianú ar pháipéar a dtugtar EEG (leictreinceifealagram) air. Athraíonn an EEC le gníomhaíocht mheabhrach an duine, agus faightear patrúin shainiúla sa ghníomhaíocht dhromchlach leictreach (mar shampla, duine ina chodladh, i gcóma nó i dtaom titimeach). Faightear an alfa-rithim (timpeall 10 Hz) nuair a ligeann duine a scíth is a dhúnann a shúile, agus faightear an deilte-rithim (1-4 Hz) nuair a thiteann duine i gcodladh trom.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““leictreinceifealagrafaíocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leictreinceifealagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 405.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |