Leabharlann Nag Hammadi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i leabharlann Nag Hammadi cnuasach téacsanna gnóisíocha a fuarthas láimh le Nag Hammadi san Éigipt Uachtarach i 1945.[1] Fuair feirmeoir darbh ainm Muhammed al-Samman dhá choidéacs déag i gcumhdaigh leathair agus iad curtha i gcrúiscín dúnta.[2] Dhá thráchtas is caoga a bhí ann agus an chuid is mó acu gnóisíoch, in éineacht le trí shaothar de chuid an Corpus Hermeticum agus cuid d’aistriúchán de Poblacht Phlatón a bhí athraithe beagán. I réamhrá The Nag Hammadi Library in English deir James Robinson go mb’fhéidir gur le mainistir Phacóimiach a bhí ngar don áit na coidéacsanna seo agus gur cuireadh iad tar éis gur lochtaigh Naomh Atanáis úsáid na leabhar neamhchanónta ina litir Chásca i 367 AD. Is mór an rian a d’fhág na téacsanna seo ar thaighde scoláiriúil ar an luath-Chríostaíocht agus ar ghnóisíochas.

I gCoptais a bhí na coidéacsanna scríofa. Is dócha gurb é Soiscéal Thomáis an ceann is iomráití díobh agus sna coidéacsanna seo amháin atá an téacs iomlán le fáil. D’aithin scoláirí go raibh blúirí de ráitis áirithe a bhí curtha i leith Íosa le fáil i lámhscríbhinní a fuarthas ag Oxyrhynchus i 1898 (Papyrus Oxyrhynchus 1), agus aithníodh na sleachta céanna i bhfoinsí luath-Chríostaí eile. Tá sé ráite anois nár cumadh bunleagan Gréigise Soiscéal Thomáis níos déanaí ná 80 AD. Sa tríú haois agus sa cheathrú haois a cumadh na lámhscríbhinní atá anois ann.

Tá coidéacsanna Nag Hammadi i dtaisce san Iarsmalannn Choptach i gCaireo na hÉigipte.

Nochtadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nag Hammadi san Éigipt

I Mí na Nollag 1945 tháinig beirt deartháracha ar a lán paipírí i soitheach mór criaga agus iad ag baint leasaithe timpeall uaimheanna Jabal al-Ṭārif in aice le Hamra Dom san Éigipt Uachtarach. Ní dhearna ceachtar acu é seo a chur in iúl do na húdaráis, mar bhí fonn orthu brabús a bhaint as na lámhscríbhinní trí iad a dhíol ina n-aonar ó am go ham. Dhóigh máthair na ndeartháracha cuid de na lámhscríbhinní agus eagla uirthi, más fíor, go raibh contúirt ag baint leo.[3] Dá bhrí sin, b’fhada gur tuigeadh tábhacht na lámhscríbhinní seo. Ainmníodh iad as Nag Hammadi, an baile mór ba ghaire don áit a bhfuarthas iad.

I 1946 chuaigh na deartháracha i bhfíoch le chéile agus d’fhág na lámhscríbhinní ag sagart Coptach. I Mí Dheireadh Fómhair dhíol deartháir a chéile siúd coidéacs leis an Iarsmalann Choptach i Sean-Chaireo (Coidéacs III sa chnuasach). Thuig Jean Doresse, Copteolaí agus staraí religiúnda na hiarsmalainne, cén tábhacht a bhí leis agus d’fhoilsigh sé an chéad tagairt dó i 1948. Thar na blianta lig an sagart an chuid is mó de na tráchtais le margaire seandachtaí Cipriseach i gCaireo, ach rug an Roinn Seandachtaí orthu ar eagla go ndíolfaí le daoine lasmuigh den tír iad. Tar éis Réabhlóid Éigipteach 1952 tugadh na téacsanna seo don Iarsmalann Choptach agus fógraíodh gur mhaoin náisiúnta iad. [4]

Idir an dá linn díoladh coidéacs amháin i gCaireo le margaire seandeachtaí Beilgeach. Rinneadh iarracht ar é a dhíol in Nua Eabhrac agus i bPáras, agus cheannaigh Institiúid Carl Gustav Jung in Zürich é i 1951. Tar éis bhás Jung bhí sáraíocht ann i dtaobh úinéireacht na choidéacs, agus níor tugadh don Iarsmalann Choptach é go dtí 1975, tar éis gur foilsíodh eagrán den téacs.

Aistriúcháin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar dtús foilsíodh tráchtais aonair ó chnuasacha Chaireo agus Zürich, rud a rinneadh go mall. I 1966 bhí comhdháil in Messina san Iodáil chun ligean do scoláirí teacht ar chomhaontú barúla faoi shainmmhíniú an ghnóisíochais, agus chruinnigh James M. Robinson meitheal eagarthóirí agus aistritheoirí chun aistriúchán dátheangach a fhoilsiú i mBéarla. Chuir an foilsitheoir E.J. Brill in Leiden eagrán macasamhla amach in dhá imleabhar déag i gcomhar le Harper & Row idir 1972 agus 1977, le breis ábhair i 1979 agus 1984.

D’fhoilsigh Bentley Layton ó Yale eagrán nua i 1987, dar theideal The Gnostic Scriptures: A New Translation with Annotations (Garden City: Doubleday & Co., 1987). Bhí aistriúcháin nua ann, sleachta as scríbhneoirí eiriceolaíocha agus ábhar gnóisíoch eile.

Foilsíodh aistriúchán Gearmáinise faoi choimirce Ollscoil Humboldt i mBeirlín i 2001.

Deir scoláirí éigin nach mbaineann an leabharlann go léir leis an ngnóisíochas. Maíonn Patterson Brown gur féidir a rá go ndeimhníonn Soiscéalta Thomáis, Philib agus na Fírinne bunréaltacht agus naofacht na beatha ionchollaithe, cé go ndeir an gnóisíochas go bhfuil an bheatha úd meabhlach.[5] Tá a lán scoláirí eile ann nach dtig leis faoi sin agus luann siad rudaí a dúirt Yesua ben Yusef (Íosa) féin ina thaobh.[6]

Nótaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Uaireanta tugtar na Soiscéalta Gnóisíocha orthu as leabhar le Elaine Pagels a foilsíodh i 1979, ach tá ciall níos leithne leis an téarma.
  2. Marvin Meyer agus James M. Robinson, The Nag Hammadi Scriptures: The International Edition. HarperOne, 2007, lgh 2-3. ISBN 0-06-052378-6
  3. (Markschies, Gnosis: An Introduction, 48).
  4. Robinson, James M. (eag.), The Nag Hammadi Library, revised edition. HarperCollins, San Francisco, 1990.
  5. Aiste ar shuíomh an Ecumenical Coptic Project.
  6. Silva, F.,The Lost Art of Resurrection, Invisible Temple (2014), ISBN 978-0-9904151-1-4

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Layton, Bentley (1987). The Gnostic Scriptures. SCM Press. ISBN 0-334-02022-0
  • Markschies, Christoph (aistrithe ag John Bowden) (2000). Gnosis: An Introduction. T & T Clark. ISBN 0-567-08945-2
  • Pagels, Elaine (1979). The Gnostic Gospels. ISBN 0-679-72453-2
  • Robinson, James (1988). The Nag Hammadi Library in English. ISBN 0-06-066934-9
  • Robinson, James M. (1979), "The discovery of the Nag Hammadi codices," in Biblical Archaeology, iml. 42, lgh 206–224.
  • Tuckett, Christopher M. (1986). Nag Hammadi and the Gospel Tradition: Synoptic Tradition in the Nag Hammadi Library. T & T Clark. ISBN 0-567-09364-6
  • Yamauchi, Edwin M. (1983). Pre-Christian Gnosticism : A Survey of the Proposed Evidences. ISBN 0-8010-9919-6
  • Yamauchi, Edwin M., "Pre-Christian Gnosticism in the Nag Hammadi Texts?," in Church History, iml. 48, lgh 129–141.
  • Franzmann, Majella (1996). Jesus in the Nag Hammadi Writings. T & T Clark International. ISBN 056704470X. [1]

Naisc eachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]