Laethanta saoire Moslamacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá dhá lá saoire oifigiúil Moslamach in Ioslam; Eid Al-Fitr agus Eid Al-Adha. Ceiliúrtar Eid Al-Fitr ag deireadh Ramadan (mí throscadh i rith an lae ghil), agus de ghnáth tugann Moslamaigh zakat (carthanas) amach ar an ócáid. Ceiliúrtar Eid Al-Adha ar an deichiú lá de Dhu al-Hijjah agus maireann sí ar feadh trí lá, lena linn, déanann Moslamaigh íobairt, tré chaora a mharú agus a fheoil a dháileadh amach i dtrí chuid: i measc an teaghlaigh, na gcairde, agus na mbocht.

Tarlaíonn an dá lá saoire ar dhátaí san fhéilire Moslamaigh (Hijri), gur fhéilire na gealaí é, agus dá bhrí sin athraíonn a n-dátaí san fhéilire Ghréagóra, gur féilire na gréine é, gach bliain. Tá an féilire Ghréagóra bunaithe ar thréimhse na fitise de réabhlóid an Domhain timpeall ar an Ghrian, thart ar 365 Teimpléad:1/4 lá, cé go bhfuil an féilire Ioslamach bunaithe ar thréimhse shionadach de réabhlóid na Gealaí timpeall ar an Domhain, thart ar 29 Teimpléad:1/2 lá. Athraíonn san fhéilire Ioslamach ó 29 agus 30 lá (a thosaíonn leis an ghealach nua). Is ionann dhá cheann déag de na míonna seo agus an bhliain Ioslamach, a bhfuil 11 lá níos giorra ná an bhliain Ghreagórach.

Laethanta saoire Eid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cleachtais reiligiúnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard is Ramadan ann ná an mhí naofa ina mbíonn ar na muslamaigh bheith ar céalacan, ó éirí go luí na gréine, go príomha mar deabhóid do aithne Allah (áirítear leis sin troscadh, urnaí agus carthanas chomh maith), ach freisin chun na buntáistí sláintiúla an troscaidh a bhaint amach (Féin-léargas, an Córas imdhíonachta a threisiú, fheidhm na hinchinne agus Íogaireacht i leith Insline a fheabhsú). Cé gurb é an smaoineamh taobh thiar de throscadh ná go mbraitheann daoine an fhulaingt a acu síúd a bhíonn beo bocht agus ocrach, agus bíonn ar na daoine bochta fanacht glan ar an bhia freisin.