Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile
Cuma
(Athsheolta ó Labhras Ó Conghaile)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1945 78/79 bliana d'aois Cora Bhuí, Éire |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir, iascaire |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Cairdín |
Ceoltóir agus iascaire Éireannach as Cora Bhuí, Leitir Mealláin is ea Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile, nó Sonaí Choilm Learaí mar is fearr aithne air.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh i gCora Bhuí é sa bhliain 1945, agus tógadh é ann, cé gur chaith sé tréimhsí ag obair i gContae an Chláir agus i Sasana sular fhill sé ar a áit dúchais in 1974.[1] Bhain sé clú agus cáil amach ag seinm ar an mbosca ceoil, go minic lena bhanna Ceann Gólaim. D'eisigh Cló Iar-Chonnacht dlúthdhiosca dá chuid cheol in 2006 dar teideal Irish Traditional Accordion Music.[2]
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an chéad duine a bhuaigh an Pat Willie Perpetual Cup in 1995.[1] Bronnadh Gradam ‘Ceol na nOileán’ air ar an 8 Meitheamh 2023.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Sonaí Choilm Learaí – Irish Traditional Accordion Music (2006, CD) — Discogs". Dáta rochtana: 2024-02-07.
- ↑ "Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile, Gradaim Cheol na nOileáin". Iris Aniar (2023-06-09). Dáta rochtana: 2024-02-07.