L. Frank Baum
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Lyman Frank Baum 15 Bealtaine 1856 Chittenango, New York |
Bás | 6 Bealtaine 1919 62 bliana d'aois Hollywood, California |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stróc) |
Áit adhlactha | Forest Lawn Memorial Park |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Eagarthóireacht, ficsean óg agus iriseoireacht |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta, aisteoir stáitse, eagarthóir, gníomhaí ar son cearta vótála, aisteoir scannáin, scríbhneoir próis, file, scríbhneoir litríocht pháistí, léiritheoir scannáin, scríbhneoir scripte, scríbhneoir, aisteoir, úrscéalaí, drámadóir |
Tréimhse oibre | 1897 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Maud Gage Baum (1882–1919) |
Páiste | Frank Joslyn Baum, Harry Neal Baum |
Athair | Benjamin Ward Baum agus Cynthia Ann Stanton |
|
Scríbhneoir Meiriceánach a rugadh i Chittenango, Nua-Eabhrac ab ea Lyman Frank Baum (15 Bealtaine 1856 – 6 Bealtaine 1919). Scríobh sé leabhair do pháistí. Tá clú faoi leith ar an leabhar sin leis The Wonderful Wizard of Oz.
Ba as Cúige Uladh dá mhuintir siar. Cheannaigh a athair meaisín beag clóbhuailte agus thosaigh sé féin agus a dheartháir ag dó a nuachtáin féin, The Rose Lawn Home Journal, agus é cúig bliana déag d'aois. Bhí spéis nach beag aige san amharclannaíocht agus thóg a athair amharclann dó agus é 20 bliain d'aois. Ba é an chéad saothar liteartha a scríobh sé dráma dar teideal Man of Arran, ceoldráma a bhunaigh sé ar an leabhar Princess of Thule agus a lonnaigh sé in Éirinn. Léiríodh an dráma sin ina amharclann féin agus é ag aisteoireacht ann. Foilsíodh The Wonderful Wizard of Oz sa bhliain 1900 i gcomhar leis an maisitheoir leabhar W. W. Denslow. Bhí an-ráchairt ar an leabhar agus scríobh sé seacht gcinn déag de leabhair eile faoin áit sin ar ar thug sé Oz. Scríobh sé go leor leabhar eile nach raibh aon bhaint acu le Oz, go leor díobh faoi ainmneacha cleite. Cailleadh é sular bhain sé trí bliana agus trí scór d'aois amach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |