Lúipíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLúipíní
Lupinus Cuir in eagar ar Wikidata

Lupinus albus Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo delúipín agus lupine alkaloid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
FofhineFaboideae
GéineasLupinus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Grúpa mór luibheanna (nó toim, níos annaimhe) bliantúla is ilbhliantúla, dúchasach do Mheiriceá agus réigiún na Meánmhara. Na duilleoga roinnte go bosach, le suas le 15 duilleoigín caol. Na pisbhláthanna i spící le cinn fhada fheiceálacha, gorm, bándearg, buí nó bán. Scoilteann na cochaill go pléascach chun na síolta a fhuascailt. Saothraítear cuid mhaith saghsanna le haghaidh foráiste agus mar leasuithe glasa. Tá na plandaí gairdín, hibridí den chuid is mó, an-luachmhar mar mhaisiúchán. Tá hibridí Russell an-choitianta in an-chuid dathanna, ach is gearrshaolach iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lúipíní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 422.