Die Traumdeutung

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Léirmhíniú Aisling)
WD Bosca Sonraí LeabharDie Traumdeutung
Die Traumdeutung (Congress scan).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus saothar scríofa
Cárta innéacs
ÚdarSigmund Freud
TeangaAn Ghearmáinis
FoilseachánAn Ostair-Ungáir, 1899
Sonraí an tsaothair
Príomhábharmíniú brionglóidí, obair bhrionglóide agus neamhchomhfhios

Leabhar de chuid Sigmund Freud, bunaitheoir na síocanailíse, is ea Die Traumdeutung (Béarla: The Interpretation of Dreams, Gaeilge: Míniú Brionglóidí). Déanann Freud cur síos sa leabhar ar a theoiric faoin neamh-chomhfhios maidir le míniú brionglóidí, agus pléann sé an teoiric a dtabharfaí coimpléasc Éideapúis air níos déanaí. D’athbhreithnigh Freud an leabhar ocht n-uaire ar a laghad agus, chuir sé roinn mhór leis an tríú heagrán a phléigh leis siombalachas i mbrionglóidí go litriúil, faoi anáil Wilhelm Stekel. Dúirt Freud faoin obair seo, “Ní thagann léargas mar seo ar do chrann ach uair amháin sa saol.”[1]

Foilsíodh an leabhar den chéad uair sa bhliain 1900 in eagrán de 600 cóip, agus nár díoladh amach é ar feadh ocht mbliana. Tháinig an-tóir ar an leabhar níos déanaí, agus foilsíodh seacht n-eagrán eile le linn shaol Freud.[2]

Toisc go raibh an leabhar chomh fada sin agus chomh casta sin, scríobh Freud leagan giorraithe a foilsíodh i mBéarla faoin teideal On Dreams.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. SE iv. p. xxiii
  2. Freud's book, "The Interpretation of Dreams" released 1900”. A Science Odyssey: People and Discoveries. PBS (1998). Dáta rochtana: August 21, 2012.