Lártheifneoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lártheifneoir beag i saotharlann

Is é rud is lártheifneoir ann ná trealamh chun na comhábhair i meascán (solaid i leacht, nó leacht i leacht) a scaradh trí rothlú tapa, agus mar sin, trí fhórsa lártheifeach. Is féidir é a úsáid i dtionscail (mar shampla, i ndéirí chun an t-uachtar a scaradh ón mbainne, nó sa mhianadóireacht chun carraigeacha a scaradh ón mianra) agus i dtaighde eolaíoch (mar shampla, in ultralártheifneoir chun páirteagail ar mhéid macramhóilíní a scaradh ó chéile).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lártheifneoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 395.